Cad a dhéanann institiúidí an Aontais Eorpaigh? (grafaic eolais)

Cad a dhéanann an Pharlaimint, cad iad na dualgaisí atá ar an an gCoimisiún Eorpach? Cad is Comhairle an AE ann? Gach eolas inár ngrafaic eolais.

Grafaic eolais a thaispeánann róil an Choimisiúin Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach agus mar a oibríonn siad lena chéile.
Róil na bpríomhinstitiúidí AE agus mar a oibríonn siad lena chéile

Parlaimint na hEorpa


Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh atá tofa go díreach ag saoránaigh Eorpacha gach cúig bhliain. Reachtáladh toghcháin Eorpacha 2024 idir an 6-9 Meitheamh 2024. Toghadh 720 feisire ar an iomlán, 15 níos mó ná mar a toghadh in 2019.


Is comhreachtóirí iad an Pharlaimint agus an Chomhairle, a bhfuil an cumhacht céanna acu chun tograí reachtacha a ghlacadh nó a leasú agus cinntí a dhéanamh maidir le buiséad AE. Déanann an Pharlaimint maoirseacht ar obair an Choimisiúin Eorpaigh, chomh maith le comhlachtaí eile de chud an Aontais, agus oibríonn sí le parlaimintí náisiúnta i dtíortha AE.

An Coimisiún Eorpach


Is é an Coimisiún Eorpach comhlacht feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh. Is ann a mholtar dlíthe agus beartais nua, a dhéantar cinnte de go gcuirtear i bhfeidhm iad agus ina dhéantar buiséad AE a bhainistiú. Ina theannta sin, déanann an Coimisiún cinnte de go gcuirtear beartais nua i bhfeidhm i ngach tír san Aontas.


Tá 27 gcoimisinéir sa Choimisiún, ceann amháin ó gach tír san Aontas. Formheasann an Pharlaimint na coimisinéirí ar fad agus ceapann an Chomhairle Eorpach an Coimisiún go foirmiúil ansin.

Bíonn uachtarán i bhfeighil ar an gCoimisiún. Ainmníonn ceannairí thíortha an Aontais iarrthóir don phost seo bunaithe ar thorthaí na dtoghchán Eorpach. Vótálann Parlaimint na hEorpa chun iarrthóir a roghnú ansin. Ní mór do níos mó ná 50% d'fheisirí a vóta a chaitheamh ar son an iarrthóra. Murach sin, bheadh ar cheannairí an Aontais iarrthóir eile a ainmniú.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Idirbheartaíonn agus glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh, nó an Chomhairle, mar a ghlaotar air, gníomhartha reachtacha, in éineacht le Parlaimint na hEorpa den chuid is mó. Chomh maith leis sin, bíonn sé de dhualgas ar an gComhairle beartais na mballstát a chomhordú i réimsí áirithe. Is airí stáit ó na tíortha éagsúla san Aontas iad baill na Comhairle, a heagraítear de réir réimse beartais.


Gach sé mhí, bíonn ballstát difriúil i mbun uachtaránacht na Comhairle.

An Chomhairle Eorpach


Is í an Chomhairle Eorpach a leagann amach cur chuige polaitiúil agus tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Bíonn Comhaltaí na Comhairle Eorpaí déanta suas d'airí stáit nó rialtais sna 27 ballstát, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Tagann an Chomhairle Eorpach le chéile ceithre uair in aghaidh na bliana ar a laghad.


Is minic nach dtuigtear nach ionann Comhairle na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach. Ní hinstitiúid AE í Comhairle na hEorpa, is eagraíocht idirnáisiúnta í atá bunaithe in Strasbourg a bhfuil sé mar aidhm aici cearta daonna, daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn.

Institiúidí AE agus comhlachtaí eile


Cuireann obair institiúidí agus comhlachtaí eile san Aontas go mór le hobair an Choimisiúin, na Parlaiminte, na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí. Ina measc siúd, tá:


An Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach.
Foirgnimh na bpríomhistitiúidí AE