An Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach: borradh faoi theicneolaíochtaí glana

Tá an Eoraip taobh thiar i ndáileadh theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, ach tá sé mar aidhm ag tionscnamh nua AE feabhas a chur ar chúrsaí.

Íomhá de mhonarchana ag truailliú ar chlé, monarchana níos glaine ar dheis.
Íomhá de mhonarchana ag truailliú ar chlé, monarchana níos glaine ar dheis.

An chúis gur chóir tacú le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain


Más mian leis an Eoraip na spriocanna aeráide do 2030 agus 2050 a bhaint amach, ní mór teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chur ar fáil go forleathan chomh luath agus is féidir – stóráil carbóin, fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe ina measc.


De réir thuairisc ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh do 2023, tiocfaidh méadú faoi thrí ar luach margaidh na dteicneolaíochtaí glana faoin mbliain 2030 má chloíonn na tiortha uilig lena ngealltanais ó thaobh an fhuinnimh agus na haeráide de. Tuartar go mbeidh 14 milliún post san earnáil i gcomparáid leis an 6 milliún atá ann faoi láthair.


Déanann an Eoraip an chuid is mó do na teicneolaíochtaí seo a iompórtáil, áfach, fad is go bhfuil tíortha eile ag cur borradh faoina gcumas fuinneamh glan a ghiniúint.

Aidhmeanna an Ghnímh um Thionscal Glan-Nialasach


Mhol an Coimisiún Eorpach i mí an Mhárta 2023 an Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach – bealach chun borradh a chur faoin gcumas déantúsaíochta san Eoraip i dtaca le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.


Is cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip é an gníomh seo agus beidh sé mar bhunús do chóras fuinnimh inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaithe. Táthar ag súil go n-éireoidh tionscal AE níos iomaíche agus níos seasmhaí dá bharr.


De réir an Choimisiúin, ní mór don reachtaíocht an baol go mbraithfear ar acmhainní na Rúise ar shlí ar bith a laghdú.

Na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann leis an nGníomh um Thionscal Glan-Nialasach


Cuireann an gníomh bearta chun tosaigh i dtaca le haidhmeanna AE ar a laghad 40% dá theicneolaíochtaí a bheith glas faoin mbliain 2030. I measc na dteicneolaíochtaí a luaitear sa ghníomh tá teicneolaíochtaí fótavoltacha, grianteaasa, gaoithe agus bataire.

Tá sé mar aidhm ag an ngníomh go mbeidh sé de chumas ag AE ar a laghad 50 milliún tona de CO2 a stóráil in aghaidh na bliana faoin mbliain 2030.

Sprioc eile de chuid an ghnímh ná scileanna riachtanacha maidir le tionscail fhuinnimh ghlain a fhorbairt ag leibhéil áitiúla chomh maith le leibhéal AE.

Próisis i bhfad níos tapúla do cheadúnais


Bac amháin le teicneolaíochtaí glan-nialasacha a fhorbairt in AE ná an próiseas fada chun ceadúnais rialtais a fháil do ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nua. Is é is aidhm don gníomh seo próiseas níos fusa agus níos tapúla a chruthú.

Spreagfar comhchruinniú geografach tionscal i bpáirceanna tionsclaíocha ar mhaithe le comhoibriú agus forbairt scileanna a chur chun cinn.

Na céimeanna deireanacha

Tháinig Parlaimint ar chomhaontú leis an gComhairle i mí Feabhra 2024. Ghlac feisirí an comhaontú sin in Aibreán 2024. Tar éis don Chomhairle é a dheimhniú, is féidir leis an reachtaíocht teacht i bhfeidhm.