An tacaíocht atá tugtha ag an Aontas Eorpach don Úcráin

Fiú sular tháinig an Rúis i dtír ar an Úcráin i bhFeabhra 2022. bhí sé ar intinn ag AE tacaíocht a thaispeáint do Chív agus naisc níos dlúithe a chruthú. Tá tuilleadh eolais anseo.

Cúlra


Ó d’éirigh an Úcráin as an Aontas Sóivéadach in 1991, tá fonn uirthi a conair féin a shaothrú, lena n-áirítear naisc níos dlúithe a chruthú leis an gcuid eile den Eoraip.

Fogha na Rúise faoin Úcráin


Tá teannas nach beag ag baint le caidreamh na hÚcráine leis an Rúis toisc go bhfuil rún daingean ag an Rúis an tíra choinneáil laistigh dá réimse tionchair. In 2014, rinne an Rúis an Chrimé a ionghabháil de shárú ar an dlí idirnáisiúnta, beart a cháin an tAontas go láidir. Tá cogadh hibrideach á fhearadh aici freisin i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear brú eacnamaíoch agus ionsaithe bréagaisnéise. 


Sna míonna roimh thús ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin i bhFeabhra 2022, chuir feisirí a mbuairt in iúl maidir le bagairt mhíleata na tíre agus d'éiligh siad ar an Aontas freagairt chomhordaithe a chur i bhfeidhm.


An 24 Feabhra 2022, thosaigh ionsaí forleathan na Rúise ar an Úcráin. D’fhreagair an tAontas le sraith smachtbhannaí i gcoinne na Rúise chomh maith le tionscnaimh chun tacú leis an Úcráin.

An chúis a sheasann an tAontas agus Parlaimint na hEorpa leis an Úcráin


Ní hamháin go bhfuil ionsaí á dhéanamh ag an Rúis ar iomláine chríochach na hÚcráine lena hionradh mídhleathach agus gan chúis, ach tá sábháilteacht agus slándáil gach éinne san Eoraip á gcur i mbaol freisin. Ionsaí atá ann freisin ar bhunluachanna an Aontais a sheasann ar son na saoirse agus an daonlathais.


Caith súil ar ár n-amlíne a léiríonn an tacaíocht atá tugtha ag an Aontas agus an Pharlaimint don Úcráin in 2024 agus
in 2023.

EU delegation in Ukraine
Toscaireacht Pharlaimint na hEorpa san Úcráin

Ionchais maidir le ballraíocht na hÚcráine san Aontas


Sa bhliain 2014, glacadh an Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Leis an gcomhaontú sin, bunaíodh comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus rinneadh foráil maidir le rochtain fhrithpháirteach saor in aisce ar an margadh.


Chuir an Úcráin isteach ar bhallraíocht san Aontas i bhFeabhra 2022. Tugadh lántacaíocht don iarratas ag an bParlaimint agus d'éiligh sí ar thíortha AE stádas mar iarrthóir a thabhairt di, rud a tharla i mí an Mheithimh 2022. Ón bpointe sin ar aghaidh, cuireadh tús le cainteanna ballraíochta i mí na Nollag 2023.


Ní mór don Úcráin, mar aon le gach iarrthóir eile, institiúidí cobhsaí a bheith aici más mian léi ballraíocht a bhaint amach in AE. Ina theannta sin, tá sé de cheangal ar an tír prionsabail an daonlathais agus an smacht reachta a urramú; geilleagar margaidh a fheidhmíonn a bheith aici; agus a bheith in ann na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht AE a chomhlíonadh.


Chun tuilleadh a fhoghlaim i leith an phróisis, caith súil ar conas a ghlacann tíortha ballraíocht san Aontas.


Is é an tAontas príomh-chomhpháirtí trádála na hÚcráine, trádáil arb hionann í agus níos mó ná 55% de thrádáil idirnáisiúnta na tíre sin in 2022.

Víosa


I mí Aibreáin 2017, thacaigh Parlaimint na hEorpa le comhaontú chun saoránaigh na hÚcráine a dhíolmhú ó cheanglais an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta.


Féadfaidh Úcránaigh a bhfuil pas bithmhéadrach acu dul isteach san Aontas gan víosa ar feadh 90 lá in aon tréimhse 180 lá, chun cuairt a thabhairt ar ghaolta nó ar chairde, nó chun críocha gnó, ach gan dul ag obair. Tá an díolúine i bhfeidhm maidir le gach tír in AE, cé is moite d’Éirinn.

Tacaíocht eile


tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais ann chun tacú le geilleagar na hÚcráine, chun cabhrú lena haistriú glas agus chun cabhrú leis an tír athchóiriú a dhéanamh. Ó thosaigh ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin i bhFeabhra 2022, tá an tAontas tar éis tacaíocht a thaispeáint tríd fhogha na tíre faoin Úcráin a cháineadh, pionós a ghearradh orthu siúd atá freagrach as agus trí chúnamh airgeadais agus ábhair a sholáthar.


Sa bhliain 2022, d'fhormheas Parlaimint neart iasachtaí don Úcráin, chomh maith le bearta tacaíochta a dtabharfadh lámh chúnta do thíortha atá ag glacadh le teifigh na tíre.


D'éiligh feisirí méadú ollmhór sa chúnamh míleata don Úcráin i mí Mheán Fómhair 2022.


Is sa bhliain 2023 a d'iarr Parlaimint ar NATO ligean don Úcráin a bheith páirteach sa chomhaontas, tús áite a thabhairt do thograí chun dlús a chur le táirgeadh armlóin, binse speisialta a bhunú chun pionós a ghearradh ar choireanna Rúiseacha, chomh maith le bearta eile chun tacaíocht a thaispeáint don tír.

I mí Feabhra 2024, tháinig feisirí ar chomhaontú le tíortha AE chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais san Úcráin. Tabharfar €50 milliún don Úcráin i bhfoirm iasachtaí agus deontas suas chomh fada le deireadh 2027.

Teifigh


Chuir an tAontas an Treoir um Chosaint Shealadach i bhfeidhm don chéad uair chun cúnamh a thabhairt do na milliún Úcránach atá ag teitheadh ón tír, ag tabhairt cosaint shealadach di in AE.


D'fhormheas Parlaimint tograí chun cúnamh a thabhairt do thíortha a bhfuil teifigh Úcránacha á nglacadh acu.

Duais Sakharov


Bhronn Parlaimint Duais Sakharov 2022 ar shaoránaigh chróga na hÚcráine. Thug Roberta Metsola, Uachtarán na Parlaiminte, ómós dóibh trí labhairt faoina gcrógacht agus faoina n-íobairtí ag an searmanas: "Ní hamháin go bhfuil cogadh neamhspleáchais á throid ag muintir na hÚcráine - cogadh luachanna atá ann freisin. Na luachanna sin atá bunriachtanach dúinn anseo san Aontas Eorpach agus nach dtugaimid aird chuí orthu a thuilleadh."


D'athdhearbhaigh Metsola tacaíocht daingean an Aontais do chomhrac na hÚcráine in aghaidh fhogha na Ríose: "Tá teachtaireacht soiléir ag teacht ón Eoraip: seasaimis leis an Úcráin. Ní dhéanfaimid neamhaird uirthi."