Cad iad an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha?

Tá dhá phíosa reachtaíochta ar tí an timpeallacht dhigiteach a athrú. Foghlaim tuilleadh faoin Ionstraim um Margaí Digiteacha agus faoin Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha thíos.

Cumhacht na n-ardán digiteach

 

Le scór bliain anuas, tá níos mó agus níos mó tábhachta ag baint le hardáin dhigiteacha - ar ndóigh, is deacair rud ar bith a dhéanamh ar líne gan a bheith ag brath ar Amazon, Google nó Facebook.


Cé go bhfuil na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú seo le feiceáil go soiléir, tugann an mhórchumhacht atá bainte amach ag cuid de na cuideachtaí seo lámh an uachtair dóibh ar a n-iomaitheoirí, chomh maith le tionchar míchuí ar an daonlathas, ar chearta bunúsacha, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Is minic a roghnaíonn siad nuálaíochtaí a dhéanfar sa todhchaí nó rogha do thomhaltóirí, agus tá siad ina ‘ngeatóirí’, mar a thugtar orthu, idir ghnólachtaí agus úsáideoirí idirlín dá bharr.


Chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime seo, teastaíonn ón AE an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha a thabhairt isteach chun na rialacha atá ann faoi láthair a bhaineann le seirbhísí digiteacha a uasdátú. Cuirfear na hionstraimí seo sraith rialacha amháin i bhfeidhm ar fud an AE.

> 10,000

Líon na n-ardán digiteach atá ag oibriú san AE. Is fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad 90% díobh.

Neart eolais faoin méid atá á dhéanamh ag an AE chun an t-aistriú digiteach a mhúnlú.


Mórchuideachta teicneolaíochta a rialú: Ionstraim um Margaí Digiteacha

 

Tá sé mar aidhm leis an reachtaíocht seo cothrom na Féinne a chinntiú do gach uile chuideachta dhigiteach, is cuma cé chomh mór is atá sí. Leagfaidh an Ionstraim um Margaí Digiteacha rialacha amach do cuideachtaí móra - rudaí is ceart agus nach ceart a dhéanamh - agus tá sé mar aidhm leo cosc a chur ar na mórchuideachta teicneolaíochta coinníollacha míchora a fhorchur ar ghnólachtaí agus tomhalthóirí. Mar shampla, is minic a rangítear na seirbhísí agus na táirgí a chuireann na geatóirí seo ar fáil in áit níos airde ná na seirbhísí agus na táirgí comhchosúla a chuireann tríú páirtithe ar fáil ar ardán na ngeatóirí, nó ní thugann siad an deis d’úsáideoirí bogearraí nó aipeanna faoi leith a dhíshuiteáil.


Táthar ag súil go gcuirfidh na rialacha seo borradh faoin nuálaíocht, faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin iomaíocht, agus cabhróidh siad le cuideachtaí beaga dul in iomaíocht le comhlachtaí móra.

Inniu, is léir nach féidir le rialacha iomaíocha amháin aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna go léir atá amach romhainn ó thaobh na mórchuideachtaí teicneolaíochta de agus deireadh a chur leis an gcumas atá acu dul i mbun cleachtas éagórach chun a rialacha féin a leagann amach. Déanfaidh an Ionstraim um Margaí Digiteacha seanrud de na cleachtais seo agus tabhfar teachtaireacht láidir do na tomhaltóirí agus na gnólachtaí go léir sa Mhargadh Aonair: leagann comh-reachtóirí na rialacha síos
Andreas Schwab (PPE, an Ghearmáin)
An Feisire atá i gceannas ar an Ionstraim um Margaí Digiteacha a chur tríd an bParlaimint
Foinse "Inniu, is léir nach féidir le rialacha iomaíocha amháin aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna go léir atá amach romhainn ó thaobh na mórchuideachtaí teicneolaíochta de agus deireadh a chur leis an gcumas atá acu dul i mbun cleachtas éagórach chun a rialacha féin a leagann amach. Déanfaidh an Ionstraim um Margaí Digiteacha seanrud de na cleachtais seo agus tabhfar teachtaireacht láidir do na tomhaltóirí agus na gnólachtaí go léir sa Mhargadh Aonair: leagann comh-reachtóirí na rialacha síos"

Leagfaidh an Ionstraim um Margaí Digiteacha critéir amach chun ardáin dhigiteacha a nochtadh mar gheatóirí agus tabharfaidh sé an chumhacht don Choimisiún Eorpach chun imscrúdú margaidh a dhéanamh, smachtbhannaí a ghearradh as mí-iompar agus na hoibleagáidí atá ar gheatóirí a uasdátú más gá.


Timpeallacht dhigiteach níos sábháilte: An Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha

 

Tá sé mar aidhm leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha cearta bunúsacha a chosaint ar líne chun timpeallacht dhigiteach níos sábháilte a chruthú d’úsáideoirí agus do chuideachtaí. Téann an dlí seo i ngleic le trádáil earraí, seirbhísí agus ábhar neamhdhleathacha, chomh maith leis an úsáid a bhaintear as córais algartamacha chun dlús a chur le scaipeadh an bhréageolais, i measc nithe eile.

Níl an méadú atá tar éis teacht ar an tionchar atá ag an timpeallacht dhigiteach le leas an tsaoil amháin: oibríonn córais algartamacha in éadan an daonlathais agus scaipeann siad gráin agus easaontas, téann mórchuideachtaí teicneolaíochta i ngleic lenár machaire réidh, agus is bagairt ar chosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí iad margaí ar líne. Caithfear stop a chur leis an bhfeiniméan seo.
Christel Schaldemose (S&D, an Danmhairg)
An Feisire atá i gceannas ar an Ionstraim um Margaí Seirbhísí a chur tríd an bParlaimint
Foinse "Níl an méadú atá tar éis teacht ar an tionchar atá ag an timpeallacht dhigiteach le leas an tsaoil amháin: oibríonn córais algartamacha in éadan an daonlathais agus scaipeann siad gráin agus easaontas, téann mórchuideachtaí teicneolaíochta i ngleic lenár machaire réidh, agus is bagairt ar chosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí iad margaí ar líne. Caithfear stop a chur leis an bhfeiniméan seo."

Tabharfaidh an Ionstraim um Margaí Digiteacha smacht d‘úsáideoirí ar an méid a fheiceann siad ar líne: beidh úsáideoirí in ann rogha a dhéanamh maidir le fógraíocht spriocdhírithe a cheadú agus beidh eolas soiléir ar fáil faoin bhfáth a mholtar ábhair ar leith dóibh.

Cabhróidh na rialacha nua le húsáideoirí a chosaint ar ábhar dochrach nó mídhleathach ar líne. Cabhróidh sé go mór le cosc a chur ar ábhar neamhdhleatach, agus tógfar ábhar den chineál sin den idirlín chomh tapa agus is féidir. Cuideoidh sé le haghaidh a thabhairt ar ábhar dochrach freisin (ní chaithfear ábhar mar seo, bréageolas a bhaineann leis an bpolaitíocht nó an tsláinte mar shampla, a bheith neamhdhleathach) agus rialacha nua a thabhairt isteach chun srian a chur le hábhar ar bhealach níos fearr, chomh maith le saoirse cainte a chosaint.


Beidh rialacha eile a bhfuil sé mar aidhm leo a chinntiú go bhfuil táirgí a dhíoltar ar líne sábháilte agus go bhfuil siad ag teacht leis na caighdeáin is airde a leagtar amach san AE mar chuid den Ionstraim freisin. Beidh eolas níos fearr ag úsáideoirí faoi dhíoltóirí na dtáirgí a cheannaíonn siad ar líne.


An chéad chéim eile

 

Rinne an Pharlaimint plé ar an Ionstraim um Margaí Digiteacha an 14 Nollaig agus ghlac siad leis  an 15 Nollaig. Chuaigh an Pharlaimint i mbun idirbheartaíochta le rialtas na mballstát in Eanáir 2022.


Ghlac an Pharlaimint lena seasamh maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha an 20 Eanáir 2022, agus bhí Feisirí in ann dul i mbun idirbheartaíochta leis na ballstáis dá bharr.


Neart eolais faoin gcaoi ina múnlaíonn an tAE an domhan digiteach