Cad is Erasmus+ ann? (físeán)

Faigh tuilleadh eolais faoi Erasmus +, clár suaitheanta AE a thacaíonn le hoideachas, oiliúint, spórt agus daoine óga.

Cistíonn Erasmus+, a seoladh in 1987, na milliúin deiseanna foghlama. Cuireadh tús leis mar chlár malairte mac léinn, agus tugann sé deiseanna anois do mhúinteoirí, d’oiliúnaithe agus d’oibrithe deonacha de gach aois, agus aird ar leith á tabhairt ar inrochtaineacht agus cuimsitheacht a áirithiú.


Feabhsaíonn Erasmus + eolas agus scileanna, cuidíonn sé le deiseanna fostaíochta a chruthú agus déanann sé muintearas Eorpach a chothú.