Cuireann Parlaimint na hEorpa fáilte roimh chuairteoirí!

Tabhair cuairt ar chroílár an daonlathais, áit ina dhéantar cinntí a mbíonn tionchar acu ar an Aontas ar fad.

Beirt chairde ag glacadh féiníne lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil
Beirt chairde ag glacadh féiníne lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil

Tabhair cuairt ar an bParlamentarium


Is é an Parlamentarium sa Bhruiséil an t-ionad cuairteoirí parlaiminte is mó san Eoraip. Tá pictiúrlann ann ina dtugtar cuairteoirí isteach go dtí croí na gníomhaíochta sa Pharlaimint le córas fuaime mórthimpeallach 360°. Foghlaim faoin tslí ina n-oibríonn an Pharlaimint, conas a dhéantar dlíthe agus an tábhacht a bhaineann le polaitíocht na hEorpa. Tugann léarscáil urláir idirghníomhach cuairteoirí ar thuras fíorúil timpeall an Aontais Eorpaigh, ina léirítear breis is 100 scéal faoin éagsúlacht ar an mór-roinn seo againn.

Tá saorchead isteach chuig an bParlamentarium agus bíonn sé oscailte gach lá. Tá na saoráidí agus na gníomhaíochtaí inrochtana go hiomlán do chuairteoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Turas ar Áras Stair na hEorpa


An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? In Áras Stair na hEorpa, déantar cuairteoirí a threorú trí stair na hEorpa i dtaispeántas buan, ó bhunúis na hEorpa agus na athruithe atá tagtha uirthi le himeacht ama, go cogaidh agus dul sa tóir ar shaol níos fearr. Is féidir le mic léinn páirt a ghlacadh i gceardlainne agus leas a bhaint as acmhainní foghlama chun snas a chur ar a gcuid eolas faoi stair na hEorpa, agus tá iliomad imeachtaí á dtairiscint do theaghlaigh ar an ábhar céanna.


I measc na n-ábhar a chlúdáitear san Áras tá an Bhreatimeacht, COVID-19, coilíneachas agus i bhfad níos mó.


An seomra tionóil: croílár dhaonlathas na hEorpa


Is minic a reachtáltar seisiúin iomlánacha in Strasbourg, ach ó am go chéile is sa Bhruiséil a bhíonn siad ar siúl. Tabhair cuairt ar fhoirgneamh Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus foghlaim faoin tslí ina n-oibríonn an Pharlaimint.

Is féidir cuairt a thabhairt ar an seomra tionóil sa Bhruiséil in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Tá na cuairteanna saor in aisce, ach tá gá le réamháirithint do ghrúpaí agus do chuairteoirí aonair. Tá sé inrochtana go hiomlán do dhaoine faoi mhíchumas.

Buail isteach chuig an InfoHub

Buail isteach chuig an ionad cuairteoirí is nuaí de chuid na Parlaiminte - InfoHub - chun foghlaim faoin nuacht is déanaí ón bParlaimint, féachaint ar thaispeántais shuimiúla, beagán taighde a dhéanamh, buaileadh le daoine nua nó chun do thuairimí a chur in iúl. Déantar iliomad imeachtaí a eagrú, amhail cainteanna go dtaispeántais scannán. Déan cinnte súil a choimeád ar an gclár imeachtaí.

Cuir eolas ar an gceanncheathrú Eorpach


Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoin mBruiséil, tá trí aip ag an bParlaimint ar féidir triail a bhaint astu chun gabháil tríd an gceanncheathrú Eorpach ar do luas féin. Má tá spéis agat i gcluichí agus tráthanna na gceist, caith súil ar na haipeanna seo anois.


Gairdín na Saoránach


An bhfuil sos de dhíth ort anois? Lig do scíth i dtearmann suaimhneach glas Ghairdín na Saoránach atá suite díreach in aice leis an bParlaimint sa Bhruiséil. Má tá an t-ádh ort, d'fhéadfadh go mbeadh ceolchoirm ar siúl.


Parlaimint na hEorpa in Strasbourg


Is féidir cuairt a thabhairt ar fhoirgneamh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg chomh maith. Mar chuid den chuairt, rachaidh tú taobh istigh den fhoirgneamh Louise Weiss chuig gailearaí poiblí an tseomra iomlánaigh, áit a mbíonn na díospóireachtaí is tábhachtaí á reachtáil agus na vótaí is mó tionchar á gcaitheamh. Ina theannta sin, beidh deis agat freastal ar Parlamentarium idirghníomhach Simone Veil.

Áiteanna eile san Eoraip


Foghlaim faoi Pharlaimint na hEorpa in ionaid Eispéireas Europa, atá lonnaithe ar fud an Aontais Eorpaigh.

Mura féidir leat freastal ar na hionaid seo, is féidir páirt a ghlacadh sa Thuras Digiteach go Parlaimint na hEorpa.