Comhaontú Glas: lárnach chun AE aeráidneodrach agus inbhuanaithe a bhaint amach

Tá an Comhaontú Glas lárnach in iarrachtaí an Aontais dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide reatha. Foghlaim tuilleadh faoin treochlár seo chun Eoraip aeráidneodrach a bhaint amach.

I mí na Samhna 2019, d’fhógair feisirí éigeandáil aeráide ag iarraidh ar an Choimisiún an sprioc i dtaca leis an mhéadú ar an mheánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5°C a chur chun cinn i mbeartais uile an Aontais. 


Mar fhreagra, d’fhoilsigh an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip, treochlár d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach in AE faoi 2050.

Spriocanna agus buntáistí an Chomhaontaithe Ghlais


Ghlac an Pharlaimint an Dlí Aeráide AE an 24 Meitheamh 2021, lena ndéantar ceangailteach ó thaobh dlí de sprioc chun astaíochtaí a laghdú 55% faoi 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Cuireann sé seo an AE níos cóngaraí dá chuspóir iar-2050 maidir le hastaíochtaí diúltacha agus dearbhaíonn sé a cheannaireacht sa chomhrac domhanda i gcoinne athrú na haeráide.


Ba cheart dó na spriocanna a chur i bhfeidhm níos éasca ar reachtaíocht agus ba cheart dó tairbhí a chruthú amhail aer, uisce agus ithir níos glaine; bille fuinnimh níos ísle; tithe athchóirithe; iompar poiblí níos fearr agus níos mó stáisiúin muirir do charr leictreach; níos lú dramhaíola; bia níos sláintiúla agus sláinte níos fearr do na glúine atá ann faoi láthair agus do na glúine atá le teacht.


Bainfidh gnólachtaí tairbhe freisin de bharr go gcruthófar deiseanna i réimsí ina bhfuil sé mar aidhm ag an Eoraip caighdeáin dhomhanda a leagan síos. Táthar ag súil go gcruthóidh sé poist freisin, mar shampla i dtionscail fuinnimh in-athnuaite, i bhfoirgnimh agus i bpróisis atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.

An pacáiste 'Oiriúnach do 55': spriocanna an Chomhaontaithe a bhaint amach


Chun gur féidir leis an AE spriocanna 2030 a bhaint amach, d'fhormheas AE pacáiste de reachtaíocht nua agus leasaithe darbh ainm 'Oiriúnach do 55' in 2023. Sa phacáiste seo feictear 13 dlíthe leasaithe agus 6 dhlíthe beartaithe bunaithe ar an aeráid agus fuinneamh.


Astaíochtaí ó thionsclaíocht, chóras iompar agus earnálacha eile a laghdú

Tá feisirí tar éis na comhaid seo a leanas a cheadú:

Cistí AE a chruthú chun tacaíocht a thaispeáint do theaghlaigh le linn an aistrithe ghlais

D'fhormheas an Pharlaimint go gcuirfí Ciste Aeráide Sóisialta i bhfeidhm chun cuidiú le teaghlaigh leochaileacha, le gnóthais bheaga agus le húsáideoirí iompair le costas méadaithe an fhuinnimh. Tá sé maoinithe ag ceantáil cheadúnais an chórais trádála astaíochtaí chun aistriú cothrom fuinnimh a áirithiú.

Tá tionchar na hathraithe aeráide á mhothú ag daoine Eorpacha cheana

Borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach


Anuas air sin, d’fhoilsigh an Coimisiún plean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach i mí Márta, d’fhonn próisis geilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh, agus dramhaíl a laghdú. Díreofar ar:


Mar chuid de na rialacha chun athúsáidteacht a chur chun cinn, d'aontaigh an tAontas ar luchtaire uilíoch. Beidh an USB Type-C mar an luchtaire uilíoch d'fhormhór na ngaireas leictreonach in AE faoi dheireadh 2024. Ní mór do ríomhaire glúine a bheith feistithe le rochtain USB Cineál-C faoin 28 Aibreán 2026.


I mí Aibreáin 2024, d'fhormheas an Pharlaimint rialacha nua chun earraí a dheisiú agus a athúsáid a chur chun cinn. Laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil, éileoidh sé ar dhíoltóirí táirgí a dheisiú mura bhfuil sé níos saoire iad a athsholáthar. Chomh maith leis an ráthaíocht, cuirfear cearta i bhfeidhm chun deisiúcháin a dhéanamh níos éasca agus níos saoire.


I mí Mheán Fómhair 2022, d'fhormheas an Pharlaimint a seasamh maidir le cur chun feidhme straitéis thionsclaíoch nua an AE chun cabhrú le gnólachtaí dul i ngleic leis an ngéarchéim a tháinig le COVID, caiteachas a ailíniú le beartas agus an t-aistriú go geilleagar níos glaise, ciorclach a dhéanamh.


I mí na Samhna 2021, d'iarr feisirí go mbeadh straitéis níos cuimsithí AE maidir le hamhábhair chriticiúla chun an Eoraip a dhéanamh níos lú ag brath ar allmhairí amhábhair chriticiúla atá ríthábhachtach dá thionscail straitéiseacha. I mí na Nollag 2023, d'fhormheas an Pharlaimint gníomh AE maidir le hamhábhair chriticiúla chun soláthar leordhóthanach agus éagsúil a áirithiú d'eacnamaíocht dhigiteach na hEorpa chomh maith leis an aistriú glas, ag cur tosaíocht ar athúsáid agus ar athchúrsáil.

Córas inbhuanaithe bia a chruthú


Tá an earnáil bhia ina cúis mhór le hathrú aeráide. Cé go bhfuil laghdú 20% tagtha ar astaíochta gás ceaptha teasa ó thalmhaíocht Eorpach ó bhí 1990 ann, tá sé seo fós mar chúis le 10% d’astaíochtaí (le 70% de mar gheall ar ainmhithe).


I mí Bealtaine 2020, foilsíodh an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” d’fhonn córas bia a bhaint amach atá níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos sláintiúla, agus a chosnódh slí bheatha na bhfeirmeoirí chomh maith. Tá slabhra an tsoláthair bia ar fad i gceist leis an phlean: lena n-áirítear laghdú 50% a dhéanamh ar úsáid na lotnaidicídí agus ar dhíolacháin frithmhiocróbach agus laghdú a dhéanamh ar úsáid na leasachán chun feirmeoireacht orgánach a chur chun cinn.


Chuir an Pharlaimint fáilte roimh an straitéis seo i rún arna glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2021, ach chuir sí a cuid moltaí leis freisin chun é a dhéanamh níos inbhuanaithe fós. Dúirt an Pharlaimint gur ceart go mbeadh spriocanna uaillmhianacha le haghaidh astaíochtaí ó thalmhaíocht agus úsáid talún gaolmhar san áireamh sa phacáiste 'Oiriúnach do 55'.

Caomhnú na bithéagsúlachta


Tá sé mar aidhm ag an AE dul i ngleic le caillteanas na bithéagsúlachta freisin, lena n-áirítear milliún speiceas atá i mbaol a ndíothaithe. Is é is aidhm don Straitéis Bithéagsúlachta an AE do 2030, a d'fhoilsigh an Coimisiún i mí na Bealtaine 2020, an nádúr a chosaint, díghrádú na n-éiceachóras a aisiompú agus deireadh a chur le caillteanas bithéagsúlachta.


Ghlac an Pharlaimint a seasamh maidir le Straitéis Bithéagsúlachta an AE do 2030: an nádúr a thabhairt ar ais inár saol i mí an Mheithimh 2021, agus í ag éileamh go bhfuil a chur chun feidhme comhsheasmhach le straitéisí eile an Chomhaontaithe Glas Eorpaigh.

I bhfianaise an róil bhunriachtanaigh atá ag foraoisí maidir le hionsú agus cúiteamh astaíochtaí carbóin, tá rialacha nua glactha ag Parlaimint chun cinnte a dhéanamh nach gcuireann earraí a díoladh ar an margadh Eorpach le dífhoraoisiú nó le díghrádú foraoisí in áit ar bith ar domhan. Leis an rialachán seo, déantar cinnte de go gcloíonn na táirgí le cearta daonna agus go dtaispeántar meas ar chearta na bpobal dúchasach.

Ag maoiniú an aistrithe ghlais


I mí Eanáir 2020, chuir an Coimisiún an Plean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe i láthair, an straitéis chun an Comhaontú Glas a mhaoiniú tríd ar a laghad €1 trilliún d'infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhealladh thar an gcéad bhliain amach romhainn.


Mar chuid den phlean infheistíochta, ba cheart go gcabhródh an Sásra um Aistriú Cóir le héifeacht shocheacnamaíoch an aistrithe a mhaolú ar oibrithe agus ar phobail is mó a ndéanann an t-athrú difear dóibh. I mí na Bealtaine 2020, mhol an Coimisiún saoráid iasachta don earnáil phoiblí chun tacú le hinfheistíochtaí glasa i réigiúin atá ag brath ar bhreoslaí iontaise, rud a cheadaigh an Pharlaimint i mí an Mheithimh 2021.


D'aontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle foinsí nua ioncaim a thabhairt isteach chun buiséad an AE agus an plean téarnaimh eacnamaíoch Covid-19 a mhaoiniú. Áirítear leis sin ioncam ón gcóras trádála astaíochtaí agus meicníocht coigeartaithe teorann carbóin a chuirfeadh tobhach ar allmhairí earraí áirithe.


Chun infheistíocht i ngníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a spreagadh agus chun cosc a chur ar chuideachtaí a dhearbhú go bréagach go bhfuil a gcuid táirgí neamhdhíobhálach don chomhshaol - cleachtas ar a dtugtar glas-snasú - ghlac an Pharlaimint le reachtaíocht nua maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe i mí an Mheithimh 2020. I mí na Samhna 2020, d'iarr feisirí freisin aistriú ó chóras eacnamaíoch neamh-inbhuanaithe go córas eacnamaíoch inbhuanaithe, mar rud ríthábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach fadtéarmach an AE a fhorbairt agus chun athléimneacht an Aontais a mhéadú.