An bealach ina gcuireann an tAontas Eorpach feabhas ar chearta oibrithe agus ar dhálaí oibre

Faigh amach conas a chuireann an tAontas Eorpach feabhas ar chearta oibrithe agus ar dhálaí oibre ar fud na hEorpa

People walking on a street early in the morning ©AP Images/European Union-EP
Tá tacar rialacha maidir le saothar curtha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach chun cosaint shóisialta láidir a áirithiú ©AP Images/EU-EP

Tá tacar rialacha maidir le saothar curtha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach chun cosaint shóisialta láidir a áirithiú. Ina measc tá ceanglais íosta maidir le dálaí oibre, amhail am oibre, obair pháirtaimseartha, cearta oibrithe chun faisnéise a fháil maidir le gnéithe tábhachtacha dá bhfostaíocht agus oibrithe a phostú. Is ceann de na bunchlocha anois iad a bhaineann le gné shóisialta na hEorpa.


Glacann na comhpháirtithe sóisialta (ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí) páirt i mbeartais shóisialta agus fostaíochta na hEorpa a chumadh tríd an “idirphlé sóisialta” mar a ghlaoitear air, trí chomhairliúcháin agus tuairimí, agus is féidir leo caibidlíocht a dhéanamh freisin maidir le comhaontuithe réime a bhaineann le hábhair ar leith.


Cearta oibrithe agus cineálacha nua oibre


Tá caighdeáin choiteanna maidir le ham oibre tugtha isteach ag an Aontas Eorpach atá infheidhme trasna an bhloic. I reachtaíocht AE maidir le ham oibre bunaítear cearta aonair do gach oibrí, le seachtain oibre 48 uair a chloig ar a mhéad, saoire bhliantúil íoctha ar feadh ar a laghad ceithre sheachtain in aghaidh na bliana, tréimhsí scíthe agus rialacha maidir le hobair oíche, sealobair agus patrúin oibre.


I gcaitheamh na mblianta, tá athruithe suntasacha tagtha ar an margadh saothair san Eoraip, lena n-áirítear digitiú agus forbairt teicneolaíochtaí nua, níos mó solúbthachta agus ilroinnt na hoibre. Tá cineálacha fostaíochta nua cruthaithe ag na forbairtí nua seo, le méadú tagtha ar phoist shealadacha agus ar phoist neamhchaighdeánacha.


Chun gach oibrí san Aontas Eorpach a chosaint agus chun feabhas a chur ar chearta na n-oibrithe is leochailí atá ar chonarthaí neamhghnácha, ghlac an Pharlaimint rialacha nua in 2019 chun cearta íosta maidir le dálaí oibre a chur i bhfeidhm. Socraíonn an reachtaíocht bearta cosanta amhail teorainn sé mhí a chur ar an tréimhse phromhaidh, oiliúint éigeantach saor in aisce a chur ar fáil agus cosc a chur ar chonarthaí sriantacha. Faoi na rialacha seo, ní mór go bhfaigheadh gach fostaí nua faisnéis bhunriachtanach maidir lena bhfreagrachtaí laistigh de sheachtain amháin ón lá a dtosaíonn siad ag obair.

Warehouse worker scanning box ©AP Images/European Union-EP
Faoi rialacha an Aontais, cinntítear go bhfuil cead ag saoránaigh bogadh go tír eile san Aontas ©AP Images/European Union-EP

Ina theannta sin, tá an tAontas Eorpach ag iarraidh go mbeadh oibrithe rannpháirteach i gcinnteoireacht cuideachtaí agus tá creat ginearálta bunaithe aige maidir le cearta na n-oibrithe go gcuirfí ar an eolas iad agus go rachfaí i gcomhairle leo .


De réir rialacha AE, i gcás comhiomarcaíochtaí ní mór d’fhostóirí dul i mbun caibidlíochta le hionadaithe oibrithe. Ar leibhéal trasnáisiúnta, déanann Comhairlí Oibreacha Eorpacha ionadaíocht d’fhostaithe. Trí na comhlachtaí seo, cuirtear faisnéis ar fáil d’oibrithe agus déanann an bhainistíocht comhairliúchán leo maidir le haon chinneadh suntasach ar leibhéal AE a bhféadfadh éifeacht a bheith aige ar fhostaíocht nó ar dhálaí oibre.


Soghluaisteacht oibrithe laistigh den Aontas


Faoi rialacha an Aontais maidir le córais slándála sóisialta a chomhordú sna ballstáit, cinntítear go bhfuil cead ag saoránaigh bogadh go tír eile san Aontas chun staidéar a dhéanamh, chun obair a fháil nó chun socrú síos ann agus, ag an am céanna, go bhfaighidh siad na sochair shóisialta agus sláinte a bhfuil siad ina dteideal. Clúdaíonn reachtaíocht an Aontais Eorpaigh saoire breoiteachta, saoire máithreachais/atharthachta, sochair teaghlaigh, dífhostaíochta agus sochair eile comhchosúla agus tá athbhreithniú á dhéanamh ar an reachtaíocht sin faoi láthair.


Glacadh cinneadh in 2019 chun gníomhaireacht AE nua a chruthú, an tÚdarás Eorpach Saothair, a bheidh ag feidhmiú go hiomlán faoi 2023, chun cúnamh a thabhairt do na ballstáit agus don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dlí AE a bhaineann le soghluaisteacht saothair agus córais slándála sóisialta a chomhordú.


Is féidir le comhlachtaí a bhfostaithe a sheoladh chuig ballstát eile ar bhonn sealadach chun tascanna ar leith a dhéanamh. In 2018, rinneadh athchóiriú ar rialacha AE maidir le hoibrithe a phostú chun prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann san áit chéanna a áirithiú.


Chun dífhostaíocht a chomhrac agus chun soláthar ar an margadh saothair a dhéanamh cothrom le héileamh trasna na hEorpa, rinne an Pharlaimint riail nua a fhormheas in 2016 chun Líonra Poist na hEorpa (nó EURES) a athnuachan le bunachar uile-AE de chuardaitheoirí poist agus folúntais.

Sláinte agus sábháilteacht oibrithe


Glacann an tAontas Eorpach reachtaíocht i réim na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair chun comhlánú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na mballstát agus chun tacú leo.


Socraíonn an Treoir Réime Eorpach um Shlándáil agus Sláinte ag an Obair prionsabail ghinearálta a bhaineann le híoscheanglais sláinte agus slándála. Tá sé infheidhme i mbeagnach gach earnáil gníomhaíochta poiblí agus príobháidí agus sainmhíníonn sé na hoibleagáidí d’fhostóirí agus fostaithe.


Ina theannta sin, tá rialacha ar leith ann a chlúdaíonn nochtadh do shubstaintí contúirteacha, grúpaí oibrithe (mná torracha, oibrithe óga,...), tascanna ar leith (ualaí a láimhseáil de láimh,...) agus áiteanna oibre (soithí iascaireachta,...).


Mar shampla, déantar an treoir maidir le hoibrithe a chosaint ó na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair a athnuachan go minic, ag socrú teorainneacha nochta do shubstaintí ar leith.


Tá saoirse ag na ballstáit caighdeánacha níos déine a shocrú agus iad ag trasuí treoracha AE sa dlí náisiúnta.

De bhrí go bhfuil an fórsa saothair ag dul in aois agus go bhfuil aois scoir níos sine ann, tá méadú tagtha ar an mbaol go mbeidh fadhbanna sláinte ag daoine. In 2018, ghlac Parlaimint na hEorpa tuarascáil ina moltar beartais chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine filleadh ar an obair i ndiaidh saoire breoiteachta fhadtéarma agus chun daoine a bhfuil galar ainsealach orthu nó daoine atá faoi mhíchumas a thabhairt san áireamh san fhórsa oibre ar bhealach níos fearr.


Cothromaíocht oibre is saoil agus comhionannas inscne a chur chun cinn


Bhí Parlaimint na hEorpa i gcónaí ina cosantóir díograiseach de chuid phrionsabail an chomhionannais idir fir agus mná agus cuireann sí comhionannas inscne chun cinn ina gníomhachtaí ar fad.


Chun deiseanna níos cothroime a chur ar fáil d’fhir agus mná agus chun comhroinnt níos fearr na bhfreagrachtaí cúraim a spreagadh, ghlac an Pharlaimint sraith nua rialacha in 2019 ionas go mbeadh tuismitheoirí agus oibrithe atá ag tabhairt aire do ghaoil le riochtaí leighis tromchúiseacha in ann a saolta oibre agus príobháideacha a chothromú ar bhealach níos fearr.


Socraíonn an treoir tréimhse 10 lá saoire atharthachta ar a laghad, tréimhse ceithre mhí saoire thuismitheoireachta ar a laghad in aghaidh an tuismitheora (dhá mhí dó nach bhfuil inaistrithe) agus cúig lá saoire cúramóirí in aghaidh na bliana agus déanann sé foráil le haghaidh socruithe oibre níos solúbtha.


Déantar cearta máithreachais a shainmhíniú sa Treoir um Oibrithe Torracha, ina socraítear tréimhse íosta 14 sheachtain i gcomhair saoire máithreachais, le dhá sheachtain saoire éigeantach roimh agus/nó tar éis breithe an linbh.


Ina theannta sin, tá iarracht leanúnach á dhéanamh ag an bParlaimint chun níos mó beartas a chur i bhfeidhm chun an bhearna phá idir na hinscní a chomhrac, chun an bhearna phinsin a laghdú agus d’iarr sí go ndéanfaí rialacha AE chun dul i ngleic leis an mbulaíocht agus an gnéaschiapadh.