Réitigh AE don ghéarchéim imirce

Meallann an Eoraip go leor imirceach agus iarrthóirí tearmainn. Faigh amach faoin gcaoi a bhfuil feabhas á chur ag an Aontas ar a bheartais tearmainn agus imirce.

Garda Cósta Heilléanach na Gréige ag teacht chuig bád ina bhfuil 43 dídeanaí ón tSiria sa Mheánmhuir, amach ó chósta Lesbos na Gréige.
Garda Cósta Heilléanach na Gréige ag teacht chuig bád ina bhfuil 43 dídeanaí ón tSiria sa Mheánmhuir © UNHCR/Andrew McConnell

In 2015, bhí 1.83 milliún trasnú neamhdhleathach ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Cé gur thit an líon sin go dtí thart ar 330,000 in 2022, tá an Pharlaimint ag obair ar roinnt tograí chun easnaimh i mbeartais tearmainn agus imirce AE a leigheas: idir athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras tearmainn agus neartú na slándála teorann, imirce dhleathach lucht saothair a fheabhsú agus lánpháirtiú dídeanaithe a chur chun cinn.

Iarrthóirí tearmainn: dlúthpháirtíocht le tíortha túslíne

Mar fhreagairt ar ghéarchéim na ndídeanaithe in 2015, chuir an Coimisiún Eorpach tograí i láthair chun athchóiriú a dhéanamh ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET) in 2016, lena n-áirítear dlíthe nua chun teacht in ionad Chóras Bhaile Átha Cliath, ina leagtar amach rialacha chun leithdháileadh na n-iarrthóirí tearmainn i measc thíortha an Aontais a chinneadh. Chuir Córas Bhaile Átha Cliath ualach ollmhór ar líon teoranta tíortha de chuid an Aontais a bhfuil teorainneacha seachtracha acu toisc go raibh siad freagrach as formhór na n-éileamh ar thearmann a phróiseáil toisc gurb iad sin an chéad tír den Aontas a chuaigh na himircigh isteach ann


Chun feabhas a chur ar an staid sin, mhol an Coimisiún Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann in 2020. Ba cheart an rialachán maidir le bainistiú tearmainn agus imirce a chur in ionad Rialachán Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair agus é mar aidhm leis na rialacha a chuíchóiriú agus na teorainneacha ama a ghiorrú.


Tá sé d’aidhm ag an gcóras nua tearmainn tacú le tíortha túslíne tráth brú trí chóras nua dlúthpháirtíochta ó thíortha eile san Aontas a thabhairt isteach. Tá solúbthacht ag baint leis an gcóras nua, mar sin beidh tíortha an Aontais in ann a roghnú conas is féidir leo cabhrú le tíortha eile de chuid an Aontais a ghlacann le go leor imirceach trí ghlacadh le hiarrthóirí tearmainn ó thír na céadiontrála, trí ranníocaíochtaí airgeadais a chur ar fáil nó trí thacaíocht theicniúil a thabhairt, nuair is gá.


D’fhormhuinigh na feisirí an comhaontú nua maidir le himirce agus tearmann i mí Feabhra 2024. Táthar ag súil go nglacfar an pacáiste go foirmiúil tar éis don Pharlaimint é a fhormheas go críochnaitheach i mí Aibreáin.

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a athchóiriú

In 2021, thacaigh an Pharlaimint le claochlú na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn ina Gníomhaireacht AE um Thearmann. Tá sé mar aidhm ag an ngníomhaireacht athchóirithe cabhrú le nósanna imeachta tearmainn i dtíortha an Aontais a dhéanamh níos aonfhoirmí agus níos tapúla.


Tugann a 500 saineolaí tacaíocht do chórais náisiúnta tearmainn a bhfuil ualach mór cásanna os a gcomhair, rud a fhágann go bhfuil bainistiú foriomlán imirce an Aontais níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe. Ina theannta sin, tá an ghníomhaireacht nua i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh an bhfuil cearta bunúsacha á n-urramú i gcomhthéacs nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta agus coinníollacha glactha i dtíortha AE.

Cistí an Aontais a chur ar fáil le haghaidh tearmainn

In 2021, thacaigh na feisirí le Ciste nua um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha a chruthú agus chomhaontaigh siad EUR 6.24 billiún a leithdháileadh air. Ba cheart go gcabhródh an ciste le tíortha an Aontais borradh a chur faoina n-acmhainneachtaí i mbainistiú teorainneacha agus a áirithiú ag an am céanna go n-urramófar cearta bunúsacha. Cuireann sé freisin le comhbheartas comhchuibhithe víosaí agus tugann sé isteach bearta cosanta do dhaoine leochaileacha a thagann chun na hEorpa, go háirithe leanaí neamhthionlactha.


D’fhormheas an Pharlaimint freisin an Ciste athnuaite um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le buiséad de EUR 9.88 billiún do 2021-22. Ba cheart don chiste nua rannchuidiú leis an gcomhbheartas tearmainn a neartú, imirce dhleathach a fhorbairt i gcomhréir le riachtanais thíortha an Aontais, tacú le lánpháirtiú náisiúnach neamh-AE agus rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne na himirce neamhrialta. Ba cheart na cistí a úsáid freisin chun tíortha AE a spreagadh chun an fhreagracht as dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn a óstáil a roinnt ar bhealach níos cothroime.

Freagairt do ghéarchéim na ndídeanaithe ón Úcráin

Chomh maith leis an gcóras tearmainn, tá sásraí cosanta sealadacha curtha ar bun ag an Aontas freisin le haghaidh grúpaí sonracha dídeanaithe nó daoine easáitithe. Sásra amháin den sórt sin is ea an Treoir um Chosaint Shealadach, lena gcuirtear creat ar fáil chun cosaint shealadach a thabhairt nuair a thagann méadú tobann ar líon na ndídeanaithe. Glacadh an treoir in 2001 mar fhreagairt ar an gcoinbhleacht sna Balcáin.


Den chéad uair riamh, chuir an tAontas Eorpach an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh tar éis ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022. D’fhreagair an tAontas go tapa agus léirigh sé an dlúthpháirtíocht trí chabhrú le daoine a bhí i ngátar. Áiríodh leis sin cabhair dhaonnúil dhíreach, cúnamh éigeandála cosanta sibhialta, tacaíocht ag an teorainn, chomh maith le cosaint a thabhairt dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh agus a thagann isteach san Aontas.

Teorainneacha seachtracha AE a chosaint agus an sreabhadh imirce a bhainistiú


An imirce neamhrialta a chomhrac agus cearta na n-iarrthóirí tearmainn á n-urramú ag an am céanna

Tá Parlaimint na hEorpa ag obair chun rialuithe teorann a dhéanamh níos doichte agus feabhas a chur ar chumas thíortha AE daoine a rianú ag teacht isteach san Eoraip.


Chun é sin a dhéanamh, moltar sa chomhshocrú nua imirce agus tearmainn próiseas scagtha níos fearr, próiseas tearmainn níos tapúla ag na teorainneacha agus filleadh tapa d’iarrthóirí tearmainn a diúltaíodh.


Is é is aidhm don phróiseas nua scagtha bealach níos tapúla a chur ar fáil chun an nós imeachta ceart a shainaithint d’údaráis chun iarratas a dhéanamh ar dhuine a thagann isteach san Aontas gan na coinníollacha iontrála a chomhlíonadh. Áireofar leis an nós imeachta sainaithint, seiceálacha sláinte agus slándála, agus méarlorgaireacht agus clárú i mbunachar sonraí Eurodac.


Áirítear sa chomhshocrú freisin an fhéidearthacht nós imeachta níos tapúla agus níos simplithe a bheith ann maidir le héilimh ar thearmann go díreach tar éis an scagtha. Ba cheart iad sin a chríochnú laistigh de 12 sheachtain, lena n-áirítear achomhairc. Nuair a dhiúltaítear cás nó nuair a dhíbhtear éileamh, ba cheart fógra a thabhairt don iarratasóir láithreach faoin gcinneadh um fhilleadh agus ba cheart é a chur ar ais laistigh de 12 sheachtain.


Níl daoine atá faoi réir an nós imeachta tearmainn teorann údaraithe dul isteach i gcríoch na tíre lena mbaineann.

Frontex, an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a threisiú

Cuidíonn Frontex, garda teorann agus cósta an Aontais, le teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú agus leis an gcoireacht trasteorann a chomhrac.


Chuir insreabhadh na ndídeanaithe in 2015 brú ollmhór ar na húdaráis teorann náisiúnta. D’iarr an Pharlaimint go neartófaí Frontex agus an Coimisiún go leathnófaí sainordú Frontex agus go ndéanfaí Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta lánfheidhme de, agus é mar aidhm bainistiú agus slándáil theorainneacha seachtracha AE a threisiú agus tacú le gardaí teorann náisiúnta.


Seoladh go hoifigiúil é ag teorainn sheachtrach na Bulgáire le Türkiye i mí Dheireadh Fómhair 2016. Tacaíonn Frontex le tíortha an Aontais agus le tíortha Schengen i ngach gné den bhainistiú teorainneacha, lena n-áirítear tacaíocht ar an láthair, coireacht trasteorann a chomhrac, faireachas ón aer agus faisnéis a bhailiú, chun cabhrú le nósanna imeachta um fhilleadh.


Tá buanchór reatha de bhreis agus 2,000 garda teorann ag Frontex. Tá sé beartaithe é sin a mhéadú go 10,000 garda teorann faoi 2027.


I mí na Nollag 2023, ghlac na feisirí rún inar iarr siad ar Frontex cearta bunúsacha in oibríochtaí teorann a chomhlíonadh, chomh maith le cuntasacht agus trédhearcacht níos fearr in obair na gníomhaireachta.

Rialuithe ag teorainneacha inmheánacha

Tá rialuithe teorann á n-athbhunú ag tíortha an Aontais laistigh de limistéar Schengen le blianta beaga anuas agus is minic a mhaireann na rialuithe sin ar feadh tréimhsí fada.


Chun an tsaorghluaiseacht a chaomhnú agus aghaidh a thabhairt ar fhíorbhagairtí slándála ag an am céanna, chuir an Coimisiún togra ar aghaidh in 2021 chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha do limistéar Schengen.


I mí Feabhra 2024, tháinig an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach le rialtais náisiúnta maidir leis na rialacha lena soiléirítear gur rogha dheiridh i gcónaí é rialuithe teorann a athbhunú.


Féadfaidh tíortha AE rialuithe a thabhairt isteach arís ar bhonn eisceachtúil i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach. Bheadh na rialuithe sin teoranta do thréimhse suas le mí amháin agus ní fhéadfar iad a fhadú ach suas le trí mhí i gcás bagairtí nárbh fhéidir a thuar. I gcás bagairtí intuartha, féadfaidh rialuithe den sórt sin fanacht ó shé mhí go dhá bhliain.


Mar mhalairt ar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, cuireann na rialacha nua comhar póilíneachta chun cinn i réigiúin teorann chun aghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh de limistéar Schengen. Is minic a thagann saoránaigh neamh-AE a gabhadh agus a bhfuil stádas neamhrialta acu ó thír AE eile, mar sin má bhíonn patróil chomhpháirteacha ag an dá thír, féadfar na himircigh neamhrialta a aistriú ar ais go dtí an chéad tír AE. Is mian leis na feisirí roinnt catagóirí, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha, a eisiamh ó fhilleadh den sórt sin.


Meastar go nglacfar an comhaontú go foirmiúil i mí Aibreáin 2024.

Bealaí imirce dleathaí a fheabhsú

Roghanna sábháilte d’iarrthóirí tearmainn

Ó 2015 i leith, chuidigh scéimeanna athlonnaithe atá urraithe ag an Aontas le níos mó ná 119,000 duine leochaileach a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu dídean a fháil san Aontas.


Is rogha shábháilte dhlíthiúil é an t-athlonnú seachas turais neamhrialta d’iarrthóirí tearmainn agus tá sé bunaithe ar tharchur ó ghníomhaireacht dídeanaithe na Náisiún Aontaithe, UNHCR.


Faoi scéim an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil 2024-2025, gheall 14 thír de chuid an Aontais go n-athlonnófar 61,000 duine.


Gné thábhachtach de chomhaontú AE-Türkiye maidir le bainistiú imirce is ea an t-athlonnú freisin. Ó mhí an Mhárta 2016 i leith, athlonnaíodh breis agus 40,000 Siriach chuig tíortha an Aontais.


Chomh maith leis na scéimeanna sin, mar chuid den ollchóiriú ar an gcóras tearmainn agus imirce, in 2016 mhol an Coimisiún Creat Athlonnaithe an Aontais ina n-imeodh an tAontas ó scéimeanna athlonnaithe ad hoc agus ina nglacfadh sé plean dhá bhliain de chuid an Aontais maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil.


Mar chuid den phlean tairgfidh tíortha an Aontais athlonnú go deonach do dhaoine atá an-leochaileach. Thabharfaí breac-chuntas sa phlean ar uaslíon iomlán na ndaoine a bheadh le ligean isteach, ar ranníocaíochtaí na mBallstát agus ar na tosaíochtaí geografacha foriomlána.


Dhearbhaigh na feisirí go dtacaíonn siad leis an gcomhaontú sealadach maidir le creat nua Athlonnaithe AE i mí Feabhra 2024. Meastar go nglacfar go foirmiúil é i mí Aibreáin 2024.

Ceadanna oibre d’imircigh eacnamaíocha

Tá an tAontas ag obair freisin chun borradh a chur faoin imirce dhleathach chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair, chun bearnaí scileanna a líonadh agus chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch leis na nithe seo a leanas:

  • Cárta Gorm AE: cead oibre agus cónaithe d’oibrithe ardoilte neamh-AE
  • Maidir leis an gcead aonair: comhchead oibre agus cónaithe, a bheidh bailí ar feadh dhá bhliain agus a bhaineann go sonrach le tír ar leith
  • Stádas cónaitheora fhadtéarmaigh AE: cuireann sé sin ar chumas daoine nach saoránaigh den Aontas iad fanacht agus oibriú san Aontas ar feadh tréimhse éiginnte. A luaithe a bheidh an stádas deonaithe, is féidir bogadh agus oibriú laistigh den Aontas

Lánpháirtiú dídeanaithe a chothú san Eoraip

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht i ngníomh

Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas freisin chun cabhrú le himircigh imeascadh ina dtíortha dúchais nua. Cuireann an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 2021-2027 cistiú díreach ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh beartais agus cláir lánpháirtíochta a dhíríonn ar chomhairleoireacht, oideachas, teanga agus oiliúint eile amhail cúrsaí insealbhaithe saoránachta agus treoir ghairmiúil.

Feabhas a chur ar dhálaí do dhídeanaithe

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha chun caighdeáin ghlactha choibhéiseacha a áirithiú ar fud thíortha an Aontais maidir le dálaí ábhartha, cúram sláinte agus caighdeán leordhóthanach maireachtála dóibh siúd a iarrann cosaint idirnáisiúnta, agus ag an am céanna teorainn a chur le gluaiseachtaí iarrthóirí tearmainn ó thír amháin san Aontas go tír eile.


Chun gur fearr a bheidh siad in ann maireachtáil go neamhspleách agus lánpháirtiú a dhéanamh, ba cheart cead a thabhairt d’iarratasóirí ar thearmann oibriú tráth nach déanaí ná naoi mí ón dáta a chláraítear a n-iarratas. Beidh rochtain acu ar chúrsaí teanga, chomh maith le cúrsaí oideachais shibhialta nó gairmoiliúint. Ba cheart gach leanbh a iarrann tearmann a chlárú ar scoil dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dóibh teacht isteach agus beidh caomhnóir ceaptha dóibh ag mionaoisigh neamhthionlactha.


Ní bheidh rochtain ag iarrthóirí tearmainn ar dhálaí glactha ach amháin sa tír ina bhfuil a n-iarratas ar thearmann á láimhseáil acu.


I mí Feabhra 2024, thacaigh coiste um shaoirsí sibhialta na Parlaiminte le comhaontú ar thángthas air leis an gComhairle maidir leis na rialacha i mí na Nollag 2022. Táthar ag súil go dtiocfaidh sé i bhfeidhm tar éis fhormhuiniú deiridh na Parlaiminte i mí Aibreáin 2024.

Ailt ghaolmhara