Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh
Ráiteas inrochtaineachta le haghaidh suíomhanna gréasáin grúpa TED
Réamhrá
Tá Oifig na bhFoilseachán tiomanta suíomhanna gréasáin TED a dhéanamh inrochtana, i gcomhréir le Treoir 2016/2102 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí. Tá an inrochtaineacht i gcroílár ár ndeartha, agus leanaimid prionsabail an deartha uilíoch. Cinntíonn sé sin gur féidir lenár n-úsáideoirí uile ár suíomhanna gréasáin a fheiceáil agus a nascleanúint go héasca, beag beann ar an ngléas atá á úsáid acu.
Táimid ag obair chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach úsáideoir ar ár leathanaigh agus ar ár ndoiciméid. Ina measc sin, úsáideoirí a bhfuil lagú amhairc, éisteachta, cognaíoch nó fisiciúil acu. Is féidir rochtain a fháil ar ár suíomhanna gréasáin ó ghléasanna éagsúla ar nós ríomhairí deisce, ríomhairí glúine agus gléasanna móibíleacha.
Is ar na 4 phrionsabal atá liostaithe thíos atá an inrochtaineacht ghréasáin bunaithe.
- inbhraiteacht – cuirtear eolas agus an comhéadan úsáideora i láthair na n-úsáideoirí ar bhealaí inbhraite.
- inoibritheacht – tá scáileáin ionchuir, rialuithe (e.g. cnaipí, ticbhoscaí) agus nascleanúint an tsuímh gréasáin inoibrithe.
- intuigtheacht – ní mór eolas agus oibriú an chomhéadain úsáideora a bheith intuigthe.
- seasmhacht – is gá go mbeidh an t-ábhar gréasáin in ann oibriú ar bhrabhsálaithe agus ar ghléasanna éagsúla, teicneolaíochtaí cúnta ina measc.
Is le suíomh gréasáin TED a bhaineann an ráiteas inrochtaineachta seo:
ted.europa.eu
agus a fho-shuíomhanna atá liostaithe thíos:
enotices2.ted.europa.eu
docs.ted.europa.eu
developer.ted.europa.eu
An dóigh a gcomhlíonaimid caighdeáin maidir le hinrochtaineacht
- Comhlíonaimid ar a laghad caighdeán WCAG 2.1, Leibhéal AA. D’fhéadfadh sé nárbh é an caighdeán céanna a bheadh ann i gcás ítimí sonracha má tá cúiseanna teicniúla nó praiticiúla ann lena bhfuil údar maith.
- Foilsímid an ráiteas inrochtaineachta seo ar líne.
- Cuidímid le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh linn chun deacrachtaí inrochtaineachta a thuairisciú.
- Cuirimid san áireamh clásail maidir le comhlíonadh inrochtaineachta i ngach conradh le soláthróirí seirbhíse le haghaidh forbairt gréasáin agus táirgeadh foilseachán.
- Déanaimid iniúchtaí inrochtaineachta trí acmhainní inmheánacha agus seachtracha a úsáid.
Stádas comhlíontachta
Tá ár suíomhanna gréasáin i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh na suíomhanna gréasáin a thástáil go deireanach an 14 Samhain 2023.
Ullmhúchán an ráitis seo
Ullmhaíodh an ráiteas seo an 14 Samhain 2023.
Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne saineolaí inrochtaineachta a bhfuil cáilíocht IAAP aige ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.
Ábhar neamh-inrochtana
In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht shuíomhanna gréasáin TED a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.
Na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn maidir le shuíomhanna gréasáin TED:
- D’fhéadfadh sé nach mbeadh codarsnacht dathanna leordhóthanach ag roinnt téacs agus gnéithe idirghníomhacha agus nach mbeidís chomh sofheicthe céanna dá thairbhe sin.
- Níl táscaire fócais infheicthe ag roinnt gnéithe idirghníomhacha, amhail cnaipí agus naisc, agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair a fheiceáil cén uair is féidir na heilimintí sin a oibriú le méarchlár.
- D’fhéadfadh sé nach mbeadh tréith mhalartach ag roinnt íomhánna i gcónaí (téacs ina ndéantar cur síos ar an íomhá, rud nach bhfuil le feiceáil ach ag léitheoirí scáileáin) nó d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an méid sin a chur i láthair go míchuí.
- D’fhéadfadh sé nach mbeadh téacs infheicthe ag roinnt gnéithe do léitheoirí scáileáin, nó d’fhéadfadh léitheoir scáileáin é a aithris go mícheart.
- Ní féidir rochtain a fháil ar gach gné den leathanach trí úsáid a bhaint as méarchlár agus sin amháin.
Acmhainní
Aiseolas agus sonraí teagmhála
Déan teagmháil linn chun fadhbanna inrochtaineachta a thuairisciú nó moltaí a thabhairt.
Bí chomh soiléir agus chomh mionsonraithe agus is féidir ionas gur féidir linn an fhadhb a thuiscint i gceart.
Cuir do chuid sonraí teagmhála ar fáil freisin ionas gur féidir linn teacht ar ais chugat go tapa.