Fáilte chuig eagrán 2024 de Thaisteal san Eoraip! Cad é atá nua i mbliana? Tá limistéar Schengen ag fás — arís! An 31 Márta tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach sa chrios saorthaistil gan phas is mó ar domhan. Ar dtús, ciallaíonn sé seo go bhfuil deireadh curtha le seiceálacha ar dhaoine a thaistealaíonn idir an dá thír sin agus tíortha eile i limistéar Schengen, ach beidh rialuithe ann ag na teorainneacha talún inmheánacha go fóill go ceann tamall eile. Má tá cuairt á tabhairt agat ar an Ostair, an Eastóin nó an Iorua, ná déan dearmad féachaint ar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa i mbliana. Nó, má tá sé i gceist agat taisteal go hÉirinn nó chuig an Iodáil, féach freisin Príomhchathair na hEorpa agus Ceannródaí Glas na Turasóireachta Cliste. Cibé áit a bhfuil tú ag taisteal san Eoraip, coinnigh slán agus bíodh spraoi agat!
Please note that shipping fees apply to distribution of all printed publications. You can consult the applicable tariffs here. All our publications are available free of charge in electronic format.