CAIBIDIL I Forálacha ginearálta
Airteagal 3. Raon feidhme críochach
-
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe atá lonnaithe san Aontas, is cuma cé acu an ndéantar an phróiseáil san Aontas nó nach ndéantar.
-
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil arna déanamh ag rialaitheoir nó ag próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta ábhar sonraí atá san Aontas, i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí próiseála leis an méid seo a leanas:
-
(a) seirbhísí nó earraí a thairiscint d'ábhair sonraí den chineál sin san Aontas, is cuma an gá don ábhar sonraí íocaíocht a dhéanamh; nó
-
(b) faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin chomh fada agus a dhéantar a n-iompar siúd laistigh den Aontas.
-
3. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag rialaitheoir nach bhfuil bunaithe san Aontas ach atá bunaithe in áit a bhfuil feidhm ag dlí Ballstáit de bhua dlí poiblí idirnáisiúnta.
Next
Airteagal 4. Sainmhínithe