Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Bí páirteach, bí idirghníomhach, bí ag vótáil san Aontas Eorpach

Do chearta – agus conas leas a bhaint astu

Más saoránach de thír den Aontas thú, is amhlaidh atá saoránacht an Aontais Eorpaigh agat, agus tá sé de cheart agat páirt ghníomhach a ghlacadh i saol polaitiúil an Aontais. Is féidir leat páirt a ghlacadh i mbeartais agus dlíthe an Aontais agus trácht a dhéanamh orthu, vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla i do thír chónaithe agus i dtoghcháin Eorpacha.

Comhairliúcháin phoiblí agus aiseolas

Cuidigh chun beartais an Aontais a mhúnlú trí pháirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin leis an Aontas agus i ndeiseanna eile aiseolais maidir le tionscnaimh atá beartaithe ar an tairseach ‘Cloisimis uait – Comhairliúcháin phoiblí agus aiseolas’. Ansin, is féidir leat barúlacha a chur isteach freisin maidir le meastóireachtaí agus athbhreithnithe beartais. Déanann an Coimisiún na freagraí sin a mheas agus tionscnaimh agus athbhreithnithe á n-ullmhú aige. 

Cuidigh le dlíthe an Aontais atá ann cheana a shimpliú trí do chuid smaointe a roinnt ar an tairseach ‘Cloisimis uait: Simplímis iad!’ Tá do chuid moltaí mar bhonn eolais faoi obair an Ardáin ‘Réidh don Todhchaí’, ar grúpa ardleibhéil saineolaithe é a thacaíonn leis an gCoimisiún an rómhaorlathas a laghdú agus dlíthe an Aontais atá ann cheana a chur in oiriúint don todhchaí.

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Cuidigh chun clár oibre ceaptha beartas an Aontais a shocrú trí pháirt a ghlacadh sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh nó tús a chur le tionscnamh. Tugann na tionscnaimh sin deis duit iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a ullmhú maidir le ceist is cás leatsa agus a thagann faoi réim a chumhachtaí.

Nuair atá 1 mhilliún síniú agus na híostairsigh i seacht mBallstát bainte amach ag tionscnamh, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh air agus cinneadh maidir leis na bearta is gá a dhéanamh.

Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach Eorpach

Déan beartais an Aontais a phlé agus glac páirt iontu ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach. Cruthaíodh é mar thoradh ar mholadh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Ar an Ardán, is féidir leat teacht ar phléití maidir le hábhair a dhéanann difear do gach saoránach agus páirt a ghlacadh sa phlé sin. Cuid ríthábhachtach den phróiseas ceaptha beartas is ea d’aiseolas. Tá tábhacht le tuairim an uile dhuine agus ba mhaith leis an Aontas do thuairim a chloisteáil.

Rannchuidiú le beartais an Aontais trí Phainéil Saoránach. Tugann siad le chéile saoránaigh a roghnaíodh go randamach ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais chun na príomhthograí atá le teacht a phlé. Cuireann an Coimisiún Eorpach moltaí an Phainéil san áireamh agus a thionscnaimh bheartais á sainiú aige.

Toghcháin Eorpacha agus áitiúla

Féach leat an bealach chun clárú le vótáil nó seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha, sa tír ina bhfuil cónaí ort más náisiúnach den Aontas thú agus cónaí ort i mBallstát eile ina measc. Foghlaim faoi na coinníollacha atá i bhfeidhm.

Cuir achainí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa 

Féach leat cén chaoi le hachainí chuig Parlaimint na hEorpa maidir le beartas a bhaineann leis an Aontas agus a dhéanann difear duitse a thosú, a chur isteach agus tacú leis.

Prionsabal an ilteangachais

Nuair a dhéanann tú teagmháil go díreach le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus le comhlachtaí comhairleacha an Aontais freisin, tá tú i dteideal freagra in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Ríomhphobail a chruthú

An saineolaí thú i gceapadh beartas agus rialachas an Aontais? Cláraigh le SINAPSE, ardán ar líne ar ar féidir leat pobail fhíorúla saineolaithe eile a chruthú nó páirt a ghlacadh iontu. Ansin, is féidir leat faisnéis agus saineolas maidir le ceapadh beartas agus saincheisteanna rialachais a chomhroinnt agus a mhalartú.

Comhairleoirí áitiúla

Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi thionchar an Aontais ar an leibhéal áitiúil? Leis an tionscadal ‘An Eoraip a thógáil i gcomhar le Comhairleoirí Áitiúla’, bailítear le chéile comhairleoirí atá tofa go háitiúil ó gach tír den Aontas agus cuidítear leo cumarsáid a dhéanamh leis na pobail áitiúla faoi ábhair a bhaineann leis an Aontas. Is é is aidhm dó borradh a chur faoin rannpháirtíocht agus díospóireachtaí a chothú faoi na saincheisteanna sin agus faoi thodhchaí na hEorpa trí réimse poiblí fíor-Eorpach a chruthú. Aimsigh comhairleoir in aice leat.