Eolas faoi Europass
Is tacar uirlisí agus eolais ar líne é Europass a chuidíonn leat gach céim de do ghairm agus de do chuid foghlama a bhainistiú.
Is é Europass an uirlis Eorpach is iontaofa chun do ghairm agus do chuid foghlama a bhainistiú.
Má tá tú i mbun staidéir, ar tí tús a chur le do chéad phost nó sa tóir ar dhúshláin nua, le Europass is féidir leat do chuid scileanna agus cáilíochtaí a chur in iúl go héifeachtach san Eoraip. Cuireann an Coimisiún Eorpach an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce agus i 31 dteanga dhifriúla.
Tóg an chéad chéim eile i do chuid foghlama nó i do ghairm
Tugann Europass an spreagadh duit leanúint ar aghaidh le do chuid foghlama nó le do ghairm ar na bealaí seo a leanas:
- Cuidíonn sé leat machnamh a dhéanamh ar na scileanna agus an taithí atá agat faoi láthair;
- Taispeánann sé duit deiseanna foghlama agus fostaíochta oiriúnacha iontaofa ó gach cearn den Eoraip;
- Déanann sé an próiseas chun Litreacha Cumhdaigh mar aon le CVanna a scríobh a shimpliú le teimpléid is féidir a chur in eagar;
- Cuireann sé eolas cruinn ar fáil duit maidir le dul i mbun oibre agus foghlama san Eoraip;
- Tugann sé naisc duit chuig líonraí tacaíochta iomchuí.
Trí Europass, cuireann an Coimisiún Eorpach tacaíocht ar fáil duit chun gur féidir leat barr do chumais a bhaint amach agus deiseanna a aimsiú ar fud na hEorpa atá oiriúnach do do chuid scileanna agus taithí.
Na huirlisí a thacaíonn leat i do chuid foghlama agus d'fhorbairt gairme
Cuireann Europass uirlisí saor in aisce ar fáil ar líne a thacaíonn le foghlaimeoirí, le hoibreoirí agus le cuardaitheoirí poist ar fud na hEorpa. Sula seolann tú iarratas chun bealaigh, féach ar chuid de na huirlisí atá againn:
Cuireann do phróifíl Europass tacaíocht ar fáil duit chun cur síos a dhéanamh ar do chuid scileanna, poist shuimiúla agus deiseanna foghlama suimiúla a aimsiú, iarratais a bhainistiú agus CVanna agus litreacha cumhdaigh a chruthú.
Le heagarthóir CV Europass, is féidir leat:
- CVanna a chruthú agus a nuashonrú,
- teimpléad a roghnú ó réimse leathan teimpléad,
- iad a stóráil ar do ghléas nó i do leabharlann Europass, agus
- CVanna a roinnt go héasca i 31 dteanga dhifriúla.
Le heagarthóir litreach cumhdaigh Europass, is féidir leat litreacha cumhdaigh atá struchtúrtha slachtmhar gairmiúil a chruthú trí úsáid a bhaint as réimse leathan teimpléad.
Leis an eolas a chuirtear ar fáil san fhorlíonadh dioplóma, tá sé níos éasca an t-eolas agus na scileanna a d’fhoghlaim tú agus tú i mbun ardoideachais a thuiscint.
Leis an eolas a chuirtear ar fáil san fhorlíonadh teastais, tá sé níos éasca an t-eolas agus na scileanna a d’fhoghlaim tú agus tú i mbun gairmoideachais a thuiscint.
Cabhraíonn soghluaisteacht Europass leat na scileanna a d'fhoghlaim tú le linn do thréimhse shoghluaisteachta a chur i láthair ar bhealach éasca seasmhach sothuigthe.
Eolas iontaofa maidir leis an staidéar agus leis an bhfoghlaim san Eoraip
Cuireann Europass eolas iontaofa ar fáil maidir le dul i mbun staidéir agus foghlama i dtíortha Eorpacha eile trí naisc a thabhairt chuig foinsí Eorpacha agus náisiúnta ábhartha. Is féidir leis an eolas sin cuidiú leat cúrsaí, poist, treoir agus tacaíocht a fháil maidir le bailíochtú agus aitheantas do chuid cáilíochtaí.
Dintiúir dhigiteacha Europass
Is dintiúir dhigiteacha iad dintiúir dhigiteacha Europass atá coibhéiseach ó thaobh an dlí de le teastais ar pháipéar. A bhuí leo, is féidir le hinstitiúidí cáilíochtaí digiteacha crioscaíldíonacha agus dintiúir foghlama eile a eisiúint saor in aisce. Úsáidtear na dintiúir seo le dearbhú go bhfuil daoine incháilithe le haghaidh fostaíochta, áit ar an ollscoil agus nithe eile. A bhuí le Europass, is féidir leat na dintiúir sin a shábháil agus a roinnt go sábháilte ionas nach gá duit leaganacha páipéir de do chuid teastas agus dioplómaí a úsáid a thuilleadh.