Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H1339

    Moladh (AE) 2023/1339 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le páirt a ghlacadh sa líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda arna bhunú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus maidir le socruithe sealadacha chun taisteal idirnáisiúnta a éascú i bhfianaise dhul in éag Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    ST/10513/2023/INIT

    IO L 166, 30.6.2023, p. 177–181 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/1339/oj

    30.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 166/177


    MOLADH (AE) 2023/1339 ÓN gCOMHAIRLE

    an 27 Meitheamh 2023

    maidir le páirt a ghlacadh sa líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda arna bhunú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus maidir le socruithe sealadacha chun taisteal idirnáisiúnta a éascú i bhfianaise dhul in éag Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(6) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    D’éirigh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) ina chaighdeán domhanda go tapa le haghaidh deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh, ar córas é a bhfuil 51 cheann de thríú tíortha agus críocha, chomh maith le Ballstáit uile an Aontais nasctha leis. Tríd an ngné sheachtrach de, léiríodh gurb é Deimhniú Digiteach COVID an Aontais an réiteach agus an uirlis is mó a úsáidtear chun tacú le taisteal agus téarnamh idirnáisiúnta sábháilte ar an leibhéal domhanda. Cé is moite dá úsáid i réimse an taistil, chothaigh úsáid Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais le leanúnachas an vacsaínithe trasteorann.

    (2)

    Bhí Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ríthábhachtach chun an tsaorghluaiseacht agus an taisteal a chosaint agus d’fhéadfadh an teicneolaíocht is bun leis leanúint de bheith ina huirlis a bheadh úsáideach chun a bheith níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, rud a ligfeadh do shaoránaigh agus do ghnólachtaí tionchar na ngalar teagmhálach a mhaolú agus ullmhacht chuí a áirithiú. Tá sé sin i gcomhréir freisin leis an tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 01/2023 dar teideal ‘Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19 – Tionscnaimh ábhartha, agus tá an tionchar ag dul ó iad a bheith rathúil go dtí úsáid theoranta’.

    (3)

    Tá Rialachán (AE) 2021/953 le dul in éag an 30 Meitheamh 2023. Ón 1 Iúil 2023, ba cheart, dá bhrí sin, eisiúint fhéideartha agus glacadh féideartha deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a dhéanamh ar bhonn agus de bhun na gcoinníollacha a leagtar síos le dlíthe náisiúnta na mBallstát. Chomh maith leis sin, aon tagairtí a dhéantar sa mholadh seo do na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Rialachán (AE) 2021/953, is ar mhaithe le tagairt amháin a dhéantar iad agus níor cheart a thuiscint go bhfuil na gníomhartha cur chun feidhme sin ná cumhachtaí an Choimisiúin chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus a leasú de bhun Rialachán (AE) 2021/953 á gcoimeád i bhfeidhm. Ba cheart aon tagairt do na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh roimhe seo de bhun Rialachán (AE) 2021/953 a thuiscint mar thagairtí statacha do na gníomhartha sin, ina leagan is infheidhme an 30 Meitheamh 2023.

    (4)

    Bunóidh EDS líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda. Is sásra é an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda chun tacú le fíorú na ndeimhnithe arna n-eisiúint ag rannpháirtithe an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda. Ar dtús, deimhnithe COVID-19 a bheadh i gceist, agus d’fhéadfaí, ag céim níos faide anonn, doiciméid eile a dheimhniú, mar shampla, taifid ar ghnáth-imdhíonadh agus an Deimhniú Idirnáisiúnta Vacsaínithe nó Próifiolacsais, a leagtar amach in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005), chun críoch taistil idirnáisiúnta agus leanúnachais cúraim.

    (5)

    Ba cheart féachaint ar chórais a bhunú chun tionchar géarchéimeanna sláinte domhanda ar thaisteal do shaoránaigh agus do ghnólachtaí a mhaolú mar phríomhcholún de chlár oibre an Aontais maidir le hullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte domhanda. Rannchuideodh an rannpháirtíocht i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS le hailíniú domhanda a dhéanamh ar chaighdeáin deimhnithe sláinte agus le córas a bhunú chun deimhnithe sláinte digiteacha a aithint le haghaidh taisteal idirnáisiúnta agus leanúnachas cúraim.

    (6)

    An líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda atá á fhorbairt ag EDS, glacann sé creat iontaoibhe, prionsabail agus teicneolaíochtaí oscailte Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais ina struchtúr féin. Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún comhoibriú go dlúth leis an EDS d’fhonn a áirithiú go mbeidh an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda comhleanúnach leis na sonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún (2). Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun nascadh le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a luaithe is féidir agus faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Chun aistriú rianúil a dhéanamh ó chóras Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit deimhnithe nua sínitheora doiciméad a eisiúint a úsáidtear chun Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais a eisiúint roimh dhul in éag Rialachán (AE) 2021/953 chun a áirithiú go mbeidh an bhailíocht theicniúil uasta acu agus na deimhnithe sin a chlárú sa tairseach idir-inoibritheachta den chreat iontaoibhe arna chur ar bun faoin Rialachán sin (‘Tairseach AE’).

    (7)

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún aistriú rianúil a áirithiú do na Ballstáit chun páirt a ghlacadh i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, trí Thairseach AE a choinneáil ar bun go dtí an 31 Nollaig 2023 ar bhealach a thacaíonn le cuspóirí an Mholta seo. Chuige sin, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún Tairseach AE a mhaoiniú tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Leis sin, ba cheart a ndóthain ama a bheith ag na Ballstáit agus na tríú tíortha atá nasctha le Tairseach AE na nósanna imeachta is gá a ghlacadh chun líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a chur ar siúl.

    (8)

    I gcás shaoránaigh agus cónaitheoirí uile an Aontais atá ag taisteal lasmuigh den Aontas, ba cheart modh a bheith ar fáil dóibh chun an stádas atá acu i ndáil le COVID-19 a chruthú, pé uair a iarrtar sin go sonrach orthu le haghaidh taisteal lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, a luaithe a bheidh siad nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit deimhnithe atá comhoiriúnach leis an bhformáid arna leagan síos ag líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a eisiúint, arna iarraidh sin, bunaithe ar na sonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073, chun taisteal idirnáisiúnta a éascú chuig tríú tíortha a éilíonn na deimhnithe sin, go háirithe i gcás éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í. I dteannta le taisteal idirnáisiúnta a éascú, rannchuideodh an eisiúint sin le hailíniú domhanda a dhéanamh ar chaighdeáin deimhnithe sláinte agus le córas a fhorbairt chun deimhnithe sláinte digiteacha a aithint, rud a d’éascódh leanúnachas cúraim.

    (9)

    Ba cheart do na Ballstáit na deimhnithe sin a eisiúint i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid pháipéarbhunaithe, nó sa dá fhormáid sin. Ba cheart na sealbhóirí ionchasacha a bheith i dteideal na deimhnithe a fháil ina rogha féin formáide. An fhaisnéis atá sna deimhnithe, ba cheart í a thaispeáint freisin i bhfoirm atá inléite don duine agus ba cheart í a sholáthar ar a laghad i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus i mBéarla.

    (10)

    Le glacadh Dheimhniú Digiteach COVID AE ag líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, ba cheart é a bheith de chumas ag tríú tíortha a bhfuil ceanglais a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm fós acu mar choinníollacha iontrála ar a gcríocha, agus atá nasctha le Tairseach AE, glacadh leis na deimhnithe arna n-eisiúint roimh an 1 Iúil 2023 agus na deimhnithe arna n-eisiúint ina dhiaidh sin agus iad a fhíorú.

    (11)

    Ó thaobh taistealaithe chuig an Aontas, a luaithe a bheidh siad nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, chun a áirithiú gur féidir aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar ábhair imní maidir leis an tsláinte phoiblí a bhaineann le paindéim COVID-19, moltar do na Ballstáit leanúint de bheith in ann deimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha faoi líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, ar tíortha iad a leanann de na hardchaighdeáin a chomhlíonadh a leagtar síos de bhun Rialachán (AE) 2021/953, a ghlacadh agus a fhíorú. I gcás ina n-éileoidh na Ballstáit cruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 chun srianta ar thaisteal isteach san Aontas a tharscaoileadh, ba cheart dóibh glacadh le deimhnithe COVID-19 atá i gcomhréir go teicniúil le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS.

    (12)

    Ina Conclúidí maidir le vacsaíniú mar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun galair a chosc agus an tsláinte phoiblí a fheabhsú an 9 Nollaig 2022, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún ‘féachaint ar an mbreisluach a bhaineann le leagan digiteach de dheimhnithe vacsaínithe, agus an taithí a fuarthas á cur san áireamh le bonneagair dhigiteacha Eorpacha agus le huirlisí eile atá ann cheana, mar shampla, an Deimhniú Idirnáisiúnta Vacsaínithe nó Próifiolacsais’. Tá forbairtí comhchosúla beartaithe ag EDS, a bhfuil sé beartaithe aige líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a fhorbairt a thuilleadh, chun tacú, mar shampla, le digiteáil an Deimhnithe Idirnáisiúnta Vacsaínithe nó Próifiolacsais, nó deimhnithe vacsaínithe le haghaidh gnáth-imdhíonadh. Dá bhrí sin, iarrtar ar Bhallstáit páirt ghníomhach a ghlacadh san iarracht an líonra a fhorbairt a thuilleadh, agus cineálacha eile deimhnithe vacsaínithe nó sonraí sláinte a eisiúint, a ghlacadh agus a fhíorú, de réir mar is ábhartha.

    (13)

    Le linn idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2023, agus chun aistriú rianúil chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a áirithiú, moltar do na Ballstáit nach bhfuil nasctha go fóill le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, i gcás éigeandáil sláinte poiblí a bheith fógartha arb ábhar imní idirnáisiúnta í, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, arna iarraidh sin, deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint, arna iarraidh sin, go háirithe san fhormáid atá comhoiriúnach leis na sonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073, ar choinníoll go leagtar síos ina ndlí náisiúnta bunús dlí le deimhnithe den sórt sin a eisiúint. Chomh maith leis sin, le linn na hidirthréimhse sin, i gcás ina n-éileoidh na Ballstáit cruthúnas ar dheimhnithe COVID-19 chun srianta ar thaisteal isteach san Aontas a tharscaoileadh, moltar dóibh glacadh le cruthúnais maidir le vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 a cumhdaíodh roimhe seo le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(10) nó Airteagal 8(2) de Rialacháin (AE) 2021/953, i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i Moladh (AE) 2022/2548 ón gComhairle (4).

    (14)

    Le linn na tréimhse céanna, na Ballstáit sin nach bhfuil nasctha go fóill le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, moltar dóibh freisin a bheith nasctha i gcónaí le Tairseach AE, a mhéid atá an tairseach sin á coimeád ar bun ag an gCoimisiún. Na Ballstáit sin atá nasctha cheana le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, moltar dóibh an fhaisnéis a uaslódálann siad chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a shioncronú le Tairseach AE.

    (15)

    Moltar do na Ballstáit éifeacht a thabhairt don Mholadh seo ón 1 Iúil 2023, arb é an lá tar éis dhul in éag Rialachán (AE) 2021/953, ionas go seachnófar aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe maidir le taisteal idirnáisiúnta chuig tríú tíortha ina bhfuil deimhnithe COVID ag teastáil fós. Go sonrach a mhéid a bhaineann le deimhniú nua sínitheora doiciméad a eisiúint, ní féidir leis na Ballstáit doiciméad den sórt sin a eisiúint ach amháin fad atá Rialachán (AE) 2021/953 fós i bhfeidhm. Iarrtar orthu, dá bhrí sin, an bhailíocht theicniúil is mó is féidir a thabhairt don deimhniú sin agus é a chlárú i dTairseach AE sula rachaidh Rialachán (AE) 2021/953 in éag an 30 Meitheamh 2023.

    (16)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar agus an Moladh seo á chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i gcónaí go gcomhlíontar na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais a bhaineann le sonraí pearsanta, agus go háirithe go gcomhlíontar prionsabal na dleathachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679,

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    Nascadh le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS

    1.

    Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún comhoibriú go dlúth le EDS chun an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda a fhorbairt, lena gcuirfear ar chumas EDS an creat iontaoibhe, na prionsabail agus na teicneolaíochtaí oscailte maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a ghlacadh ina struchtúr féin, ar bhonn na sonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073.

    2.

    Moltar do na Ballstáit chun nascadh leis an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda atá á chur ar bun ag EDS, ar choinníoll go leagtar síos bunús dlí iomchuí ina ndlí náisiúnta, a luaithe is féidir agus faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí.

    3.

    Moltar do gach Ballstát ar mian leis a bheith páirteach i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS deimhniú nua sínitheora dhigitigh a bhfuil an bhailíocht theicniúil is mó is féidir aige a eisiúint agus é a chlárú i dTairseach AE sula rachaidh Rialachán (AE) 2021/953 in éag.

    4.

    Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aistriú rianúil a éascú ó chóras Dheimhniú Digiteach COVID AE chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS. Fágtar faoi na Ballstáit, áfach, cinneadh a dhéanamh i dtaobh an mian leo nascadh leis an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda agus más mian leo é seo a dhéanamh leis an teicneolaíocht atá ann cheana nó nascadh a dhéanamh níos faide anonn.

    Deimhnithe a eisiúint agus glacadh leo faoi líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS

    5.

    A luaithe a bheidh siad nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, moltar do na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, na cúraimí arna bhforordú ag EDS maidir le hoibriú líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a chur i gcrích chomh héifeachtúil agus is féidir, ar choinníoll gur ann do bhunús dlí iomchuí i ndlí an Aontais nó ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe:

    (a)

    go háirithe i gcás éigeandáil sláinte poiblí a bheith fógartha arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, deimhnithe COVID-19 a eisiúint, de réir mar is iomchuí, san fhormáid atá comhoiriúnach le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073;

    (b)

    na deimhnithe dá dtagraítear i bhfleasc (a) den phointe seo a eisiúint i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid pháipéarbhunaithe, nó iad araon, agus an próiseas a éascú de réir mar is iomchuí chun go mbeidh na sealbhóirí ionchasacha in ann na deimhnithe a fháil san fhormáid is rogha leo féin. Moltar go dtaispeánfaí an fhaisnéis atá sna deimhnithe freisin i bhfoirm atá inléite don duine agus í a sholáthar ar a laghad i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus i mBéarla.

    (c)

    i gcás ina n-éileoidh siad cruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 chun srianta a tharscaoileadh, deimhnithe COVID-19 a ghlacadh atá i gcomhréir le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS.

    Tuilleadh forbartha ar líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS

    6.

    Moltar do na Ballstáit páirt ghníomhach a ghlacadh san iarracht chun líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a fhorbairt a thuilleadh, agus na forbairtí maidir le nuashonrú na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus scrúdú a dhéanamh ar na tairbhí, na dúshláin agus na ceanglais dhlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann do dheimhnithe digiteacha EDS. lena n-áirítear féachaint ar úsáid inter alia deimhnithe digiteacha le haghaidh galair eile agus i ndáil le sonraí sláinte eile a fhíordheimhniú.

    Idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2023

    7.

    Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Tairseach AE do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a choimeád ar bun ar bhealach a thacaíonn le cuspóirí an Mholta seo go dtí an 31 Nollaig 2023, go dtí go mbeidh na bearta i bhfeidhm chun nascadh leis an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda atá á chur ar bun ag EDS agus go mbeidh an líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda ag feidhmiú, agus leanúint dá chur ar fáil do thríú tíortha agus do thríú críocha a bhfuil nascadh cheana féin le Tairseach AE ar choinníoll go leanfar de dheimhnithe ábhartha na dtríú tíortha agus na dtríú críocha sin a eisiúint bunaithe ar chaighdeáin agus ar chórais theicneolaíocha atá idir-inoibritheach le creat iontaoibhe Thairseach AE agus lenar féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe sin a fhíorú.

    8.

    Go dtí go mbeidh na Ballstáit nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS dá dtagraítear i bpointe 1, agus le linn na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2023, moltar dóibh a bheith nasctha i gcónaí le Tairseach AE, a mhéid a bheidh an tairseach sin á coimeád ar bun ag an gCoimisiún agus ar choinníoll go leagtar síos bunús dlí iomchuí ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    deimhnithe COVID-19 a eisiúint, go háirithe i gcás éigeandáil sláinte poiblí a bheith fógartha arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, san fhormáid a bunaíodh ar shonraíochtaí teicniúla a leagadh síos roimhe seo i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073;

    (b)

    na deimhnithe dá dtagraítear i bhfleasc (a) den phointe seo a eisiúint i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid pháipéarbhunaithe, nó iad araon, agus an próiseas a éascú de réir mar is iomchuí chun go mbeidh na sealbhóirí ionchasacha in ann na deimhnithe a fháil san fhormáid is rogha leo féin. Moltar go dtaispeánfaí an fhaisnéis atá sna deimhnithe freisin i bhfoirm atá inléite don duine agus í a sholáthar ar a laghad i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus i mBéarla;

    (c)

    i gcás ina n-éileoidh siad cruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 chun srianta a tharscaoileadh, go háirithe i gcás éigeandáil sláinte poiblí a bheith fógartha arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, glacadh le cruthúnais ar vacsaíniú, téarnamh nó tástáil COVID-19 a cumhdaíodh roimhe sin le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagail 3(10) nó 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953;

    9.

    Na Ballstáit atá nasctha le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, moltar dóibh a áirithiú freisin, go dtí an 31 Nollaig 2023, an fhaisnéis a uaslódálann siad ar Thairseach AE agus i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh dhomhanda EDS a shioncrónú.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Meitheamh 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lch. 1).

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 230, 30.6.2021, lch. 32).

    (3)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

    (4)  Moladh (AE) 2022/2548 an 13 Nollaig 2022 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le taisteal chuig an Aontas le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/912 ón gComhairle (IO L 328, 22.12.2022, lch. 146).

    (5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


    Top