Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Baill foirne ar conradh (CAST Buan)

Earcaítear baill foirne ar conradh le hobair láimhe nó cúraimí a bhaineann le seirbhísí tacaíochta riaracháin a dhéanamh ar bhonn sealadach nó le hacmhainn bhreise a chur ar fáil i sainréimsí ina bhfuil easpa oifigeach a bhfuil na scileanna riachtanacha acu, agus is iad institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a roghnaíonn iad de réir phróiseas roghnúcháin CAST Buan.

Is uirlis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh é CAST. Is éard atá i gceist le Buan nach bhfuil aon sprioc-am ann le hiarratas a dhéanamh, mar sin is féidir le hiarrthóirí iarratas a chur isteach tráth ar bith.

Mar chuid den phróiseas, is gá cuntas EPSO a chruthú agus eolas pearsanta, gairmiúil agus oideachasúil a chur isteach i mbunachar sonraí iarratais CAST. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas iarratais, féach leat an rannán Conas iarratas a dhéanamh.

Nuair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, féadfaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh roinnt iarrthóirí a roghnú ó bhunachar sonraí iarratais CAST, ar iarrthóirí iad a bhfuil a gcáilíochtaí ag teacht leis an bpróifíl ghairmiúil atá á lorg.

Tugtar cuireadh do na hiarrthóirí réamhroghnaithe sin sraith de thrialacha ilrogha scileanna réasúnaíochta ar ríomhaire a dhéanamh arna n-eagrú ag EPSO. Is feitheoireacht chianda a dhéantar ar na trialacha sin. Tuilleadh eolais faoi na ceanglais TF agus theicniúla ar ár leathanach ceanglais TF agus theicniúla le haghaidh trialacha ar líne le soláthraí nua EPSO | EU Careers (europa.eu). Caith súil freisin ar an leathanach ‘Cén fáth nach féidir liom mo ríomhaire corparáideach a úsáid le haghaidh trialacha roghnúcháin EPSO ar líne?’.

Iarrthóirí a n-éiríonn leo sna trialacha réasúnaíochta, tabharfar cuireadh dóibh dul faoi agallamh agus/nó cineálacha eile meastóireachta a eagróidh seirbhísí earcaíochta institiúidí an Aontais go díreach, de réir an nós imeachta is infheidhme atá i bhfeidhm. D’fhéadfaí post a thairiscint do na hiarrthóirí a n-éireoidh leo i ngach céim den phróiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais faoi thrialacha roghnúcháin CAST Buan le fáil ar leathanach na dtrialacha samplacha.

Earcaítear baill foirne ar conradh go ceann uastréimhse réamhshocraithe 6 bliana, agus is minic gur conradh gairid 6-12 mhí a bhíonn ina gconradh i dtosach, rud is féidir a athnuachan, ag brath ar an gcineál poist atá i gceist. I roinnt oifigí, gníomhaireachtaí, oifigí ionadaíochta agus toscaireachtaí, d’fhéadfaí conradh tréimhse éiginnte teacht as an deis shealadach sin.

Tá tuilleadh eolais agus sonraí le fáil i rannán na gCeisteanna Coitianta maidir le CAST Buan.

Féach na próisis roghnúcháin CAST atá ar oscailt le haghaidh iarratas.