Is iad na Ballstáit atá freagrach go príomha as seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar. Le beartas sláinte poiblí an Aontais, déantar comhlánú ar bheartais náisiúnta lena chinntiú go n-oibríonn an tAontas i dtreo Aontas Sláinte Eorpach níos láidre, rud a théann chun tairbhe do mhuintir uile na hEorpa.
Vacsaíniú sábháilte éifeachtach
Ghlac an Coimisiún agus na Ballstáit cur chuige coiteann an Aontais chun soláthairtí vacsaíní in aghaidh COVID-19 a chinntiú agus chun dáileadh na vacsaíní sin a éascú, rud a chuidigh le rochtain agus infhaighteacht thráthúil a chinntiú ar fud an Aontais. Cuireadh tús le vacsaíní sábháilte éifeachtacha a dháileadh san Aontas roimh dheireadh 2020, tar éis do nósanna imeachta dochta agus na caighdeáin sábháilteachta is airde a bheith curtha i bhfeidhm. Ó shin i leith, tá suas le 4.2 billiún dáileog de vacsaíní COVID-19 cinntithe ag an gCoimisiún Eorpach. Amhail ó mhí Lúnasa 2023, tá 84.8% san iomlán de dhaoine fásta vacsaínithe in aghaidh an víris. Tá breis agus 530 milliún dáileog chomhroinnte ag Team Europe lena ndeonú do thíortha ar fud an domhain.
Cóireálacha agus tástálacha i leith COVID-19
Cé gurb é an vacsaíniú an bealach is fearr chun deireadh a chur leis an bpaindéim agus chun filleadh ar an ngnáthshaol, tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí a chinntiú go mbeidh táirgí teiripeacha COVID-19 ar fáil chun cóir leighis a chur orthu siúd atá ionfhabhtaithe. Tacaíonn straitéis an Choimisiúin Eorpaigh maidir le táirgí teiripeacha COVID-19 le forbairt agus le hinfhaighteacht cógas leighis, chun ‘COVID fadmharthanach’ a chóireáil san áireamh. Déanann sin comhlánú ar Straitéis an Aontais um Vacsaíní mar chuid d’Aontas Sláinte Eorpach. Dheimhnigh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach naoi dtáirge theiripeacha as cúig tháirge theirpeacha déag ar liostaí 2021 de chóireálacha COVID-19 féideartha a bheith sábháilte éifeachtach agus cuireadh cóireáil ar othair ar fud an Aontais leo. Thug an Coimisiún conarthaí soláthair i gcrích maidir le soláthar dhá chóireáil.
D’eisigh an Coimisiún Eorpach moltaí maidir le cur chuige tástála comhchoiteann agus monatóireacht a dhéanamh ar leathadh an víris, sin agus thacaigh sé le forbairt na hacmhainneachta monatóireachta.
Sláinte mhuintir na hEorpa a chosaint
Chuir an Coimisiún ar aghaidh tionscnaimh chun sláinte mhuintir na hEorpa a chosaint trí fheabhas a chur ar an ullmhacht agus freagairt i gcomhair géarchéimeanna agus ar athléimneacht fhadtéarmach na gcóras cúraim sláinte san Aontas.
Agus leas á bhaint as na luathcheachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, mhol an Coimisiún i mí na Samhna 2020 Aontas Sláinte Eorpach a fhorbairt. Tabharfaidh sé gach tairbhe shochaíoch agus eacnamaíoch don Eoraip chun géarchéimeanna sláinte a chosc, a bhainistiú agus ullmhú dóibh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda araon. Le hAontas Sláinte Eorpach atá láidir, cosnófar ár modh maireachtála, ár ngeilleagair agus ár sochaithe.
Mar thoradh air sin, cuireadh feabhas ar an bhfreagairt chomhordaithe ar leibhéal an Aontais. An 23 Samhain 2022 glacadh an Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte. Is príomhghníomh dlí é i gcreat slándála sláinte an Aontais, lena leathnaítear na sásraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais maidir le hullmhacht sláinte, luathrabhadh agus luath-fhreagairt, mar aon le sainorduithe neartaithe dhá phríomhghníomhaireachta sláinte de chuid an Aontais, is iad sin an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach.
Le Clár Sláinte an Aontais do 2021-27, EU4Health, a glacadh i mí an Mhárta 2021 ar thionscnamh ón gCoimisiún agus a bhfuil cistiú €5.1 billiún mar bhonn taca leis, neartófar athléimneacht na gcóras sláinte agus cuirfear an nuálaíocht chun cinn in earnáil na sláinte. Cuireann EU4Health go mór leis an téarnamh ó COVID-19 trí dhaonra an Aontais a dhéanamh níos folláine, tacú leis an gcomhrac i gcoinne bagairtí sláinte trasteorann agus borradh a chur faoi ullmhacht agus cumas an Aontais i dtaca le freagairt go héifeachtúil do ghéarchéimeanna sláinte amach anseo, mar chuid d’Aontas Sláinte Eorpach, a bheidh go láidir san am atá amach romhainn.
Leis an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip i mí na Samhna 2020, moladh creat rialála a sheasfaidh an aimsir a chruthú agus é mar aidhm léi tacú leis an tionscal taighde agus teicneolaíochtaí a chur chun cinn a théann chun tairbhe d’othair chun a riachtanais theiripeacha a chomhlíonadh agus aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh ag an am céanna. Thug sé aghaidh ar na laigí a nochtadh de dheasca phaindéim COVID-19, agus mhol sé gníomhaíochtaí chun an córas a neartú. I mí Aibreáin 2023, mhol an Coimisiún Treoir nua agus Rialachán nua lena ndéanfar an reachtaíocht chógaisíochta atá ann cheana a athbhreithniú agus a ionadú.
I gcomhthéacs phaindéim COVID-19, i mí Feabhra 2021, sheol an Coimisiún ‘gorlann HERA’. Is é is aidhm don phlean ullmhachta bithchosanta Eorpach seo athraithigh nua den víreas a bhrath agus a anailísiú, vacsaíní a fhorbairt in aghaidh athraithigh nua nach raibh na vacsaíní atá ann cheana éifeachtach go leor ina leith, agus vacsaíní atá curtha in oiriúint d’athraithigh nua a tháirgeadh ar scála agus ar luas.
Agus é ag tógáil ar an bplean sin, i mí Mheán Fómhair 2021, bhunaigh an Coimisiún an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte — HERA, ar ceann de phríomhcholúin an Aontais Sláinte Eorpaigh é, agus a bhfuil sé d’aidhm aige cur le hathléimneacht na hEorpa i gcoinne éigeandálaí sláinte agus rioscaí eile amach anseo.
Déanann HERA bagairtí agus géarchéimeanna sláinte féideartha a thuar, trí fhaisnéis a bhailiú agus na cumais freagartha riachtanacha a fhorbairt. Cinntítear leis forbairt, táirgeadh agus dáileadh cógas, vacsaíní agus frithbheart leighis eile i gcás éigeandálaí. Sa chéad bhliain dá ghníomhachtú, bhunaigh HERA grúpa saineolaithe maidir le hathraithigh COVID-19 chun monatóireacht a dhéanamh ar shócháin.
Le linn phaindéim COVID-19, chuir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), an príomhchomhlacht a dhéanann measúnú ar an riosca a bhaineann le leathadh víreasach agus tionchar ar an tsláinte phoiblí, chuir sé measúnú riosca rialta agus nuashonruithe eipidéimeolaíocha ar fáil, chomh maith le tacaíocht theicniúil. Chuir ECDC eolas ar fáil don phobal freisin maidir leis an bpaindéim, scaipeadh an víris, siomptóim, tástáil, cóireálacha agus cosc a foilsíodh ar an leathanach maidir le ceisteanna agus freagraí COVID-19.
Bhunaigh an Coimisiún FAB AE – líonra d’acmhainneachtaí táirgeachta atá ‘i gcónaí réidh le dul’ chun vacsaíní agus cógais leighis a mhonarú, ar líonra é is féidir a ghníomhachtú i gcás géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo – agus chuir sé tús le trealamh agus drugaí a stoc-charnadh i gcoinne bagairtí ceimiceacha agus núicléacha.
Le linn phaindéim COVID-19, mhol an Coimisiún bearta nithiúla ionas nach mbeadh borradh faoi chásanna COVID-19, mar a tharla i bhfómhar agus i ngeimhreadh 2022-2023. Ag an am sin, moladh do na Ballstáit feabhas a chur ar ghlacadh vacsaíní an vacsaínithe phríomhúil, tosaíocht a thabhairt do theanndáileoga a thabhairt, feachtais vacsaínithe COVID-19 agus fliú a chur le chéile, agus cumarsáid shoiléir a chinntiú le saoránaigh maidir leis na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú. Leagtar béim sna bearta freisin ar an tábhacht a bhaineann le córais láidre cúraim sláinte agus le hacmhainneachtaí láidre i ngach Ballstát. Moladh freisin bearta breise a dhéanamh freisin chun tacú le meabhairshláinte mhaith oibrithe cúraim sláinte agus meabhairshláinte an daonra ar an iomlán.
Tacaíocht a thabhairt do chórais cúraim sláinte
Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus RescEU
Le linn phaindéim COVID-19, agus go háirithe le linn na chéad mhíonna den ghéarchéim, trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, rinne an tAontas comhordú agus cómhaoiniú ar sheachadadh breis agus 190 milliún earra trealaimh leighis agus cosanta pearsanta, rinne sé atreisiú ar fhoirne leighis in ospidéil agus chuir sé breis agus 10.5 milliún dáileog vacsaíne ar fáil do níos mó ná 55 thír san Eoraip agus ar fud an domhain.
Le hacmhainneacht chúltaca leighis straitéiseach rescEU, a chruthaigh an Coimisiún in 2021 chun freagra níos tapa a thabhairt ar riachtanais a tharla de bharr géarchéimeanna sláinte amhail paindéim COVID-19, bhíothas in ann os cionn 3 mhilliún mír de threalamh leighis agus cosanta agus soláthairtí saotharlainne a sheachadadh go tapa chuig na Ballstáit agus iad ag tabhairt aghaidh ar an bpaindéim.
Bainistiú géarchéimeanna agus dlúthpháirtíocht
Comhar sláinte trasteorann
Bhí príomhról ag an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) sna hiarrachtaí fóirithinte agus bhí sé ullamh 24/7 chun cúnamh a thabhairt do na tíortha uile, san Eoraip agus lasmuigh di.
An 2020 Aibreán d’eisigh an Coimisiún treoirlínte i leith comhar sláinte trasteorann idir údaráis náisiúnta, údaráis réigiúnacha, agus údaráis áitiúla. Ba é an aidhm a bhí leis sin comhar a éascú maidir le hothair a aistriú, cúnamh leighis cáilithe a dheonú, soghluaisteacht othar a chinntiú, aisíocaíocht costas cúraim sláinte a éascú agus ar an iomlán, faoiseamh a thabhairt ón ualach a chuir an phaindéim ar chórais sláinte náisiúnta. Ba é an Coiste Slándála Sláinte, arbh é an Coimisiún ba chathaoirleach air, agus Córas Luathrabhaidh agus Freagartha an Aontais a rinne an comhordú ar iarratais ar chúnamh trasteorann i réimse an chúraim sláinte
Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh
Mar chuid de fhreagairt eisceachtúil an Aontais ar phaindéim an choróinvíris, leathnaíodh raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais i mí an Mhárta 2020 chun móréigeandálaí sláinte poiblí a chumhdach. I mí an Mhárta 2021 mhol an Coimisiún pacáiste foriomlán dar luach beagnach €530 milliún de thacaíocht airgeadais mar rannchuidiú airgeadais breise chuig Ballstáit agus tíortha aontachais chun cuidiú lena n-iarrachtaí paindéim an choróinvíris a chomhrac. D’fhormheas an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais i gcomhréir leis an togra seo i mí na Bealtaine 2021.