Teastaíonn ón gCoimisiún do thuairimí a fháil ionas go gcuirfidh sé san áireamh iad ina chuid cinnteoireachta nuair a bheidh dlíthe an Aontais á ndéanamh nó á nuashonrú aige.
Inis don Choimisiún Eorpach cén chaoi ab fhéidir an t-ualach riaracháin a laghdú dar leat, agus cén chaoi ab fhéidir na dlíthe atá ann a fheabhsú agus a dhéanamh ní b'éifeachtaí.
Cuir tús le Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – iarr ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh i dtaca le ceist atá tábhachtach duit, nó tacaigh le tionscnaimh atá ar bun cheana féin.
Deis thráthúil ar leith do shaoránaigh na hEorpa atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun dúshláin agus tosaíochtaí na hEorpa a chur faoi chaibidil. Is cuma cad as a dtagann tú nó cad a dhéanann tú, is anseo a fhéadfaidh tú do mhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil uait amach anseo don Aontas.