Uisce, an bhithéagsúlacht agus aer glan a chosaint, infheistíocht a dhéanamh i gcóireáil fuíolluisce agus i mbainistiú dramhaíola, agus bonneagar glas a fhorbairt.
A bhuí leis an bhféidearthacht a bhaineann leis an turasóireacht maidir le poist a chruthú, do dhaoine óga go háirithe, tá ról tábhachtach aici i bhforbairt go leor réigiún san Eoraip.
Le beartas comhtháthaithe tacaítear le bearta oiriúnúcháin trí chur chuige a chur chun cinn atá bunaithe ar éiceachórais, trí bhonneagair nua a fhorbairt nó trí bhonneagair atá ann cheana a aisfheistiú
Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí sóisialta agus áineasa agus tacú le hathghiniúint na bpobal díothach.
Is féidir leas a bhaint as cultúr agus cruthaitheacht chun poist a chruthú agus ar mhaithe le forbairt ar fud réigiúin agus chathracha na hEorpa.
Beartas forbartha tuaithe an Aontais, straitéis infheistíochta agus maoiniú le haghaidh forbairt tuaithe agus na hearnála muirí.
Infheistíocht a dhéanamh i margadh an tsaothair atá gníomhach, féinfhostaíocht, institiúidí mhargadh an tsaothair, aosú gníomhach folláin, fostaíocht don aos óg.
Infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, fuinneamh inathnuaite, eangacha dáileacháin cliste leictreachais, iompar inbhuanaithe uirbeach agus taighde agus nuálaíocht sna réimsí sin.
Rochtain gnólachtaí beaga ar airgeadas, rochtain ar mhargaí domhanda a fheabhsú, an nuálaíocht a chur chun cinn.
I gcás inarb ábhartha, ní mór do mhaoiniú beartais chomhtháthaithe agus réigiúnaigh rialacha státchabhrach a urramú.
Iompar agus soghluaisteacht inbhuanaithe a chur chun cinn, infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar fuinnimh agus in idirnaisc fuinnimh.
Limistéar iompair Eorpach aonair, soghluaisteacht réigiúnach a threisiú, iompar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus iompar ísealcharbóin, córais iarnróid ardcháilíochta.
Oideachas agus oiliúint a nuachóiriú, infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar, líon na ndaoine a fhágann an scoil go luath a laghdú, rochtain ar oideachas den scoth do chách a chur chun cinn.
Institiúidí a chruthú atá cobhsaí intuartha agus solúbtha a dhóthain le go mbeidh siad in ann idirphlé oscailte leis an bpobal a éascú, réitigh bheartais a thabhairt isteach agus seirbhísí níos fearr a chur ar fáil.
An lánpháirtíocht réigiúnach a neartú, iomaíochas agus cruthú fostaíochta a mhéadú, gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn.
Infheistíocht a dhéanamh i réimsí amhail aosú an daonra san Eoraip, an bonneagar sláinte agus córais inbhuanaithe, ríomhsheirbhísí sláinte, clúdach sláinte agus cláir chun an tsláinte a chur chun cinn.
Infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht, teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, iomaíochas gnólachtaí, éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite.
Leathanbhanda agus cur i bhfeidhm céimneach líonraí ardluais a leathnú, táirgí TFC, seirbhísí agus ríomhthráchtáil a fhorbairt, ríomhrialtas a neartú.
Tascfhórsa Thuaisceart Éireann, Comhdháil PEACE, mí Eanáir 2013, an Lárionad um Chothú na Síochána agus um Réiteach Coinbhleachta
Tá an ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) ann chun cuidiú le tíortha nach bhfuil san Aontas a sochaithe agus a ngeilleagair a ullmhú le haghaidh ballraíocht san Aontas.