Dlí an Aontais Eorpaigh agus mar a chuirtear i bhfeidhm é
Bíonn rialacháin agus cinntí ina gceangal go huathoibríoch ar fud an Aontais Eorpaigh ar dháta a gcur i bhfeidhm. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh athruithe le déanamh ar an reachtaíocht náisiúnta i ngeall orthu, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ar ghníomhaireachtaí nó rialálaithe náisiúnta iad a chur chun feidhme.
Os a choinne sin, ní mór do Bhallstáit an Aontais treoracha a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta féin.
Luaitear le gach treoir spriocdháta faoi nach mór do thíortha an Aontais Eorpaigh forálacha na treorach a thrasuí ina ndlí náisiúnta féin agus sin a chur in iúl don Choimisiún.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ach cuairt a thabhairt ar an rannán tiomnaithe ar Na cineálacha dlíthe atá ag an Aontas Eorpach
Is iad na Ballstáit a dhéanann an cur chun feidhme agus is é an Coimisiún a thugann an tacaíocht
Tá ról lárnach ag na Ballstáit maidir le deimhin a dhéanamh de go gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme i gceart agus go tráthúil. Tá sé sin ríthábhachtach chun go mbainfidh daoine agus gnólachtaí an leas is fearr is féidir as rialacha a comhaontaíodh go comhchoiteann.
Tacaíonn an Coimisiún leis sin trí fhaisnéis a chur ar fáil ar líne, trí chruinnithe grúpaí saineolaithe a eagrú agus trí straitéisí cur chun feidhme agus treoirdhoiciméid a dhréachtú (mar shampla i bhfoirm ‘Ceisteanna Coitianta’ a fhoilsítear ar líne). Gabhann treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún leis na Ballstáit tríd an bpróiseas trasuímh le haghaidh treoracha agus cur i bhfeidhm rialachán, rud a thosaíonn go díreach tar éis gníomh a ghlacadh, de ghnáth.
An mhonatóireacht a dhéanann an Coimisiún
Is é an Coimisiún atá freagrach as deimhin a dhéanamh de go gcuireann gach Ballstát dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart. Sa cháil sin dó, is mar ‘chaomhnóir na gconarthaí’ a thagraítear don Choimisiún.
Dá bhrí sin, gníomhóidh an Coimisiún:
- mura ndéanann Ballstát treoir a thrasuí go hiomlán ina dhlí náisiúnta féin faoin spriocdháta a leagtar síos
- má tá an baol ann nár chuir Ballstát dlí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm i gceart
Mínítear sa Teachtaireacht uaidh, Dlí an Aontais Eorpaigh: torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr, rud a eisíodh in 2016, an dóigh a ndéanann an Coimisiún deimhin de go ndéantar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme, agus a fhorfheidhmiú chun leasa na saoránach, na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí uile. Leagtar amach ann cur chuige straitéiseach agus tosaíochtaí do ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin an Choimisiúin.
Le teachtaireacht 2022 dar teideal Enforcing EU law for a European Union for a delivers [Dlí an Aontais a fheabhsú chun Eoraip a dhéanann an beart a bhaint amach], cuirtear i láthair na huirlisí éagsúla a bhíonn á n-úsáid ag an gCoimisiún chun a chinntiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go cuí i ngach cás chun a phríomhchuspóir a bhaint amach, is é sin go mbainfidh daoine agus gnólachtaí tairbhe a luaithe is féidir as na rialacha a comhaontaíodh go comhchoiteann ar fud an Aontais. Ó chosc go smachtbhannaí, leagtar amach sa teachtaireacht an dóigh a ndearna an Coimisiún a chuid oibre a dhoimhniú agus a fhorbairt maidir le forfheidhmiú, chun a chinntiú go gcloítear go cothrom le cearta mhuintir na hEorpa, gan beann ar an áit san Aontas a bhfuil cónaí orthu.
Rialáil níos fearr: cén fáth agus cén chaoi?
Treoracha a thrasuí
Ní mór treoracha a thrasuí i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát. I ngach treoir luaitear spriocdháta faoi nach mór í a thrasuí. Faoin dáta sin, ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh téacs na mbeart náisiúnta cur chun feidhme a chur chuig an gCoimisiún, bearta lena ndéantar forálacha na treorach a ionchorpú ina reachtaíocht féin.
Má bhíonn moill ann maidir le dlí an Aontais Eorpaigh a thrasuí, cuireann sé cosc ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí leas a bhaint as tairbhí na ndlíthe, rud a chruthaíonn éiginnteacht ó thaobh na rialacha atá i bhfeidhm agus bíonn tionchar diúltach ar fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh.
Bearta náisiúnta cur chun feidhme – mar a aimsítear iad in EUR-Lex
Seiceálann an Coimisiún an bhfuil na bearta náisiúnta trasuite sin curtha i gcrích agus an gcomhlíonann siad na cuspóirí a leagtar síos sa treoir.
Más rud é nach amhlaidh an cás, tionscnóidh an Coimisiún nós imeachta maidir 'sárú cumarsáide'. Féadfaidh an Coimisiún nós imeachta maidir le sáruithe a thionscnadh freisin má dhéantar treoracha a thrasuí go mícheart.
Imscrúduithe an Choimisiúin
I gcásanna áirithe, nuair a shainaithníonn an Coimisiún sárú féideartha ar dhlí an Aontais, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh próiseas réamhsháraithe, ar a dtugtar EU Pilot, a úsáid in ionad an nós imeachta um shárú.
Is uirlis í seo is féidir a úsáid i gcás inar dócha go mbeidh de thoradh uirthi comhlíontacht níos tapa ná mar a bheadh ann de thoradh nós imeachta foirmiúil um shárú. Cuireann sé ar chumas an Choimisiúin roinnt cásanna a réiteach gan dul i muinín nós imeachta um shárú. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás gur de chineál teicniúil iad na saincheisteanna atá i gceist, mar shampla. Féadfaidh an uirlis a bheith úsáideach freisin i gcásanna inar mian leis an gCoimisiún faisnéis fhíorasach nó dhlíthiúil a bhailiú a bhfuil gá léi chun a mheasúnú a dhéanamh. Ní úsáidtear an uirlis i gcás ina bhfuil an sárú ar dhlí an Aontais soiléir nó féinaitheanta nó i gcás ina bhfuil neart fianaise ann ina leith, ná ní úsáidtear í le haghaidh saincheisteanna íogaire inar lú an seans go mbeidh toradh rathúil ar phlé ar an leibhéal teicniúil.
Má theipeann ar thíortha dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm
Má chinneann ar na húdaráis náisiúnta dlí an Aontais a chur chun feidhme i gceart, féadfaidh an Coimisiún nós imeachta um shárú a thionscnamh ar bhonn foirmiúil i gcoinne an Bhallstáit atá i gceist. Má bhíonn an fhadhb fós gan réiteach, féadfaidh an Coimisiún, ar deireadh, an cás a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcásanna áirithe, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gCúirt smachtbhannaí airgeadais a fhorchur ar an mBallstát lena mbaineann.
Is éard is príomhchuspóir don imeacht um shárú deimhin a dhéanamh de go gcuireann na Ballstáit dlí an Aontais i bhfeidhm ar mhaithe leis an leas ginearálta. Dá bhrí sin, dírítear leo ar shaincheisteanna sistéamacha a dhéanann difear do go leor daoine nó go leor gnólachtaí. I gcásanna aonair ina bhféadfaí dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go héagórach, is fearr aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna tríd an gcóras náisiúnta sásaimh.