Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1476

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1476 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Andóra leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/6745

    IO L 325, 15.9.2021, p. 33–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1476/oj

    15.9.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 325/33


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1476 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Meán Fómhair 2021

    lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Andóra leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Andóra do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Andóra do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

    (3)

    An 9 Iúil 2021, chuir Andóra faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras dar teideal “Andorra Health QR Server Module”. Chuir Andóra in iúl don Choimisiún go measann sé go bhfuil a dheimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Andóra in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Andóra i gcomhréir leis an gcóras “Andorra Health QR Server Module”.

    (4)

    Ina theannta sin, chuir Andóra in iúl don Choimisiún go n-eiseodh sé deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19 Vaxzevria, Comirnaty agus Spikevax.

    (5)

    Thairis sin, chuir Andóra in iúl don Choimisiún nach n-eiseodh sé deimhnithe tástála idir-inoibritheacha ach amháin i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh (NAAT).

    (6)

    An 23 Iúil 2021, chuir Andóra in iúl don Choimisiún freisin go nglacfadh sé le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. Chuir Andóra in iúl don Choimisiún go nglacfaidh sé le cruthúnas ar vacsaíniú le haghaidh vacsaíní a bhfuil údarú uile-AE acu chomh maith le vacsaíní a bhfuil an nós imeachta maidir le liostú úsáide éigeandála de chuid EDS curtha i gcrích ina leith. Thairis sin, chuir Andóra in iúl don Choimisiún go nglacfaidh sé le deimhnithe tástála (amhail RT-PCR) atá bunaithe ar thástáil aimpliúcháin aigéid núicléasaigh (NAAT) agus ar mhearthástálacha antaiginí a liostaítear sa liosta coiteann cothrom le dáta de mhearthástálacha antaigíní COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ag an deireadh ar fad, chuir Andóra in iúl don Choimisiún go nglacfaidh sé le deimhnithe téarnaimh atá bunaithe ar thoradh dearfach ar thástáil NAAT.

    (7)

    An 23 Iúil 2021, chuir Andóra in iúl don Choimisiún freisin go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun vacsaíniú an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 á bhfíorú, agus nach gcoinneofaí na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

    (8)

    Rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla an 6 Meán Fómhair 2021 maidir leis na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Andóra i gcomhréir lena chóras “Andorra Health QR Server Module”, tástálacha a léirigh go bhfuil na deimhnithe sin idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Andóra i gcomhréir leis an gcóras “Andorra Health QR Server Module”.

    (9)

    Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Andóra i gcomhréir leis an gcóras “Andorra Health QR Server Module” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

    (10)

    Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Andóra i gcomhréir leis an gcóras “Andorra Health QR Server Module”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953.

    (11)

    Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Andóra a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

    (12)

    Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

    (13)

    I bhfianaise an ghá atá ann Andóra a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (14)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Andóra i gcomhréir leis an gcóras “Andorra Health QR Server Module” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

    Airteagal 2

    Déanfar Andóra a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meán Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

    (3)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).


    Top