Deiseanna fostaíochta: Conas iarratas a dhéanamh
Fostaíonn an Pharlaimint baill foirne faoi choinníollacha conarthacha éagsúla, de réir mar a roghnaítear iad agus de réir na hoibre a dhéanann siad: oifigigh, gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh, agus cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe. Léigh ar aghaidh chun tuilleadh eolais a fháil!
-
Is féidir leat na deiseanna gairme reatha uile atá sonrach do Pharlaimint na hEorpa a aimsiú agus iarratas a chur isteach orthu tríd an ardán APPLY4EP atá againn.
Is féidir leat a chur in iúl dúinn freisin gur spéis leat a bheith ag obair do Pharlaimint na hEorpa trí iarratas gan choinne a dhéanamh ar an ardán APPLY4EP.
Féadann tú a bheith cinnte de go ndéanfar do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.
Déanann an Pharlaimint tréimhsí oiliúna cúig mhí a eagrú dhá uair in aghaidh na bliana freisin.
-
Painéil atá foilsithe:
-
Is iad ‘oifigigh' na Parlaiminte lucht saothair buan na Parlaiminte, ar oifigigh iad a roghnaítear trí chomórtais a eagraítear ar cheann amháin de thrí leibhéal:
- Leibhéal AD (nó ‘Riarthóir'): Obair beartais, taighde, anailíseach agus bainistíochta thar raon leathan de réimsí
- Leibhéal AST (nó ‘Cúntóirí'): Obair riaracháin, theicniúil agus tacaíochta eile thar raon leathan de réimsí
- Leibhéal AST/SC (nó 'Rúnaí/Cléireach): Cúraimí rúnaíochta agus cléireachais thar raon leathan de réimsí
Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) is mó a eagraíonn na comórtais i gcomhar le chéile d'institiúidí uile an Aontais.
Déantar fógraí comórtais a fhoilsiú go rialta ar shuíomh gréasáin EPSO ar an leathanach ‘Ar siúl'. Tá faisnéis tháscach ar an leathanach céanna freisin faoi dheiseanna atá ar na bacáin agus nár foilsíodh go fóill.
Déanann Parlaimint na hEorpa nósanna imeachta roghnúcháin sonracha le haghaidh poist státseirbhísigh a fhoilsiú ó am go chéile go díreach ar a hardán APPLY4EP.
-
Is féidir gníomhairí sealadacha a earcú chun:
- post sa Pharlaimint a líonadh atá aicmithe mar phost sealadach;
- post buan (post oifigigh) a líonadh ar bhonn sealadach;
- cúnamh a thabhairt d'Uachtarán na Parlaiminte, do dhuine de 14 Leas-Uachtarán na Parlaiminte nó do dhuine de 5 Caestóirí na Parlaiminte.
Déanann Parlaimint na hEorpa nósanna imeachta roghnúcháin sonracha le haghaidh poist mar ghníomhairí sealadacha a fhoilsiú ó am go chéile go díreach ar a hardán APPLY4EP.
Foilsítear poist shealadacha freisin ar shuíomh gréasáin EPSO.
Fostaíonn grúpaí polaitiúla na Parlaiminte gníomhairí sealadacha freisin, a roghnaítear trí nósanna imeachta a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin gach grúpa polaitiúil.
-
Déantar foireann ar conradh a earcú chun teacht in ionad oifigeach agus baill foirne shealadacha nó chun seirbhísí áirithe a threisiú, go hiondúil ar feadh tréimhse theoranta.
Is féidir gníomhairí ar conradh a fhostú chun roinnt cúraimí éagsúla a chomhlíonadh. Déantar roinnt gníomhairí ar conradh a fhostú chun tacú le hathrú eagraíochtúil le linn idirthréimhsí, agus chun acmhainn bhreise a sholáthar i sainréimsí ina bhfuil gá le scileanna breise. Is féidir gníomhairí eile ar conradh a fhostú chun cúraimí láimhe áirithe nó cúraimí tacaíochta riaracháin áirithe a chomhlíonadh.
Is féidir gníomhairí ar conradh a fhostú chun cúraimí a chomhlíonadh i gceithre réimse éagsúla:
- Cúraimí riaracháin, comhairleacha, teangeolaíochta agus cúraimí teicniúla coibhéiseacha.
- Cúraimí feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus cúraimí teicniúla coibhéiseacha eile.
- Cúraimí cléireachais nó rúnaíochta, bainistiú oifige agus cúraimí coibhéiseacha eile.
- Cúraimí seirbhíse tacaíochta láimhe agus riaracháin.
Ó am go chéile, foilsíonn Parlaimint na hEorpa nósanna imeachta roghnúcháin sonracha agus glaonna ar léiriú spéise maidir le deiseanna do ghníomhairí ar conradh ar a hardán APPLY4EP.
Reáchtálann an Pharlaimint nós imeachta roghnúcháin bliantúil freisin arb é is aidhm dó gníomhairí ar conradh atá faoi mhíchumas a earcú; faigh tuilleadh eolais faoin gclár thíos.
I mórán cásanna, is trí bhunachar sonraí EPSO um Roghnúcháin maidir le Gníomhairí ar Conradh (CAST) a earcaíonn an Pharlaimint gníomhairí ar conradh mar sin is é an chéad rud atá le déanamh agat ná cuntas EPSO a chruthú. Más rud é go bhfuil do phróifíl ghairmiúil ag teacht le riachtanais shonracha seirbhíse earcaíochta, is féidir go dtabharfar cuireadh duit trialacha roghnúcháin a dhéanamh agus ansin dul faoi agallamh.
Tá liosta de phróifílí oscailte CAST ar shuíomh gréasáin EPSO.
-
Reáchtálann an Pharlaimint nós imeachta roghnúcháin gníomhaíochta dearfaí bliantúil go sonrach chun go n-oibreoidh daoine faoi mhíchumas i bParlaimint na hEorpa. Tá an nós imeachta oscailte do gach próifíl agus cúlra do dhaoine faoi mhíchumas fadtéarmach is cúis le lagú fisiceach nó meabhrach atá cothrom le 20 % nó níos airde ná sin.
Cuireann an clár líon teoranta conarthaí aon bhliana ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas a n-éiríonn leo sa nós imeachta roghnúcháin agus nár oibrigh riamh roimhe sin d’institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais (ní chuirtear tréimhsí oiliúna AE san áireamh). Chun go n-earcófar iad faoin scéim seo, beidh ar iarrthóirí cárta míchumais náisiúnta agus teastas leighis a sholáthar.
Osclaítear an glao ar iarratais san earrach gach bliain ar APPLY4EP, cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh.
-
Roghnaíonn na Feisirí a gcúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (nó 'CPCanna'). Mar aon le scileanna, eolas agus saineolas, d'fhéadfadh cleamhnacht pholaitiúil a bheith ina ghné den roghnúcháin freisin. Soláthraíonn riarachán na Parlaiminte an creat conarthach ach níl sé páirteach i roghnú CPCanna.
Tá 19 ghrád APA agus dhá ‘fheidhmghrúpa' ann (I agus II)
- APAnna a earcaítear i bhfeidhmghrúpa I, is dualgais tacaíochta riaracháin agus rúnaíochta a chomhlíonann siad den chuid is mó (grád 1 go grád 13);
- APAnna a earcaítear i bhfeidhmghrúpa II, is dualgais dréachtaithe agus chomhairliúcháin a chomhlíonann siad den chuid is mó (grád 7 go grád 19);
Oibríonn APAnna go díreach do na Feisirí ina n-oifigí sa Bhruiséil agus in Strasbourg, ag tacú lena gcuid oibre parlaimintí agus pholaitiúla agus ag tabhairt tacaíocht riaracháin. Tá liosta de na bhFeisirí ar fáil anseo.
Soláthraíonn seirbhísí acmhainní daonna na Parlaiminte na conarthaí fostaíochta agus déanann siad bainistiú orthu de réir na gcoinníollacha is infheidhme do na cúntóirí parlaiminteacha go léir.