Ár lorg éiceolaíoch a laghdú 

EMAS a chur i bhfeidhm i bParlaimint na hEorpa

Aithníonn Parlaimint na hEorpa an fhreagracht atá uirthi as rannchuidiú go dearfach leis an bhforbairt inbhuanaithe mar chuspóir fadtéarmach. Comhlíonann an Pharlaimint an fhreagracht sin ina ról polaitiúil agus reachtach, ach freisin sa tslí ina n-oibríonn sí agus sna cinntí a dhéanann sí ó lá go chéile.

Chinn Parlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, go gcuirfeadh a lucht riaracháin tús le caighdeán EMAS (Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht) a chur i bhfeidhm, agus é mar aidhm leis sin a torthaí ó thaobh an chomhshaoil de a fheabhsú go leanúnach i gcomhréir le Rialachán EMAS (CE) Uimh. 1221/2009 agus caighdeán ISO 14001 2015.

Ó ídiú fuinnimh go hastaíochtaí carbóin, soghluaisteacht, uisce agus dramhaíl, tá dea-chleachtais bunaithe againn chun ár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus chun cur le todhchaí níos inbhuanaithe.

Príomhéachtaí i dtaca lenár lorg éiceolaíoch a laghdú

Tá an-dul chun cinn déanta ag Parlaimint na hEorpa ó 2007, tráth ar tugadh EMAS isteach ina trí ionad oibre. Idir 2012* agus 2019, d’éirigh leis an bParlaimint:

  • a hastaíochtaí carbóin a laghdú 38 %
  • a tomhaltas leictreachais a laghdú 16 % agus a tomhaltas gáis a laghdú 23 %
  • an sciar den fhuinneamh a úsáideann sí a ghintear ar an láthair ó fhoinsí in-athnuaite a mhéadú go 15 %
  • a tomhaltas páipéir a laghdú 44 %
  • an bia a chuireann sí amú a laghdú 22 %
  • a ráta athchúrsála dramhaíola a mhéadú go 67 %, agus
  • cur chuige córasach a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar fud na hinstitiúide maidir leis an soláthar poiblí a ghlasú (SPG), agus ceardlanna rialta ann dóibh siúd a eagraíonn glaonna ar thairiscintí.

Léigh tuilleadh faoinár spriocanna agus éachtaí.

* Ach amháin i gcás astaíochtaí carbóin, inarb é 2006 an bhonnbhliain chun comparáid a dhéanamh

Leictreachas glas a úsáid agus astaíochtaí a fhritháireamh

Ó 2016 i leith, tá an Pharlaimint ag fritháireamh a hastaíochtaí carbóin dolaghdaithe uile, rud a fhágann gurb í an chéad institiúid de chuid AE atá 100 % neodrach ó thaobh carbóin de. Úsáideann sí leictreachas atá 100 % ‘glas’ freisin a fhaightear ó fhoinsí inathnuaite deimhnithe.

Ina theannta sin, déantar 15 % den fhuinneamh iomlán a úsáidtear a ghiniúint ar an láthair ó acmhainní in-athnuaite, amhail teaschaidéil gheoteirmeacha, comhghiniúint agus painéil fhótavoltacha.

Smaointeoireacht chiorclach

Ba í an Pharlaimint an chéad institiúid de chuid AE a sheol clár cuimsitheach do dheonú bia in 2016, lena dtugtar bia nár díoladh do charthanas seachas é a chaitheamh amach.

Tugtar ríomhairí pearsanta, ríomhairí glúine, scáileáin agus troscán díchoimisiúnaithe d’eagraíochtaí carthanacha freisin lena n-athúsáid.

Rannpháirtíocht foirne

Chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil le chéile, ní mór do gach duine a bheith rannpháirteach. I bParlaimint na hEorpa, tugtar spreagadh leanúnach do bhaill foirne meon glas a bheith acu ag an obair agus ina saol príobháideach araon.

Le cúrsaí oiliúna agus feachtais a chabhraíonn lena gcuid faisnéise agus lena bhfeasacht ar réitigh inbhuanaithe a mhéadú, éascaítear bainistiú dramhaíola níos fearr, úsáid uisce laghdaithe, comaitéireacht níos inbhuanaithe chuig an ionad oibre agus go leor gnéithe eile den timpeallacht oibre.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le foireann EMAS ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas:

Contact: 

Trí bhrath ar thiomantas gach uile fhostaí agus ar thacaíocht óna chuid seirbhísí go léir, cuireann EMAS creat ar fáil do Pharlaimint na hEorpa chun a hastaíochtaí gás ceaptha teasa féin a laghdú agus chun acmhainní a shábháil do na glúnta atá le teacht. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, tá staidéar á dhéanamh ag an bParlaimint freisin ar a beartais réamhbhreathnaitheacha maidir le neodracht carbóin, agus ar conas dea-shampla a thabhairt sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Inbhuanaitheacht na sócmhainne oidhreachta

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta a cuid foirgnimh a bhainistiú de réir na gcaighdeán comhshaoil is déanaí. Déanann sí infheistíocht go seasta chun inbhuanaitheacht a cuid foirgneamh a mhéadú trína a gcuid riachtanas a laghdú, trína n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus trí fhuinnimh inathnuaite a úsáid iontu.

Go dtí seo, d’éirigh le dhá fhoirgneamh de chuid Pharlaimint na hEorpa, is iad sin Montoyer Sciences agus foirgneamh Martens, teastas BREEAM (Building Research Establishment Environmental Assessment Method) a bhaint amach, atá aitheanta ar fud an domhain mar mhodh measúnaithe ar chomhshaol agus mar chóras rátála d'fhoirgnimh.

Baineann an tionscadal is déanaí lefoirgneamh nua Adenauer, coimpléasc 197.000 m²  suite idir na sráideanna Alcide de Gasperi, Aigner, Hammes agus Ascaill John F. Kennedy in Kirchberg, áit ina mbeidh iomlán Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa i Lucsamburg lonnaithe. Tá an fhoirgníocht á cur i gcrích in dhá chéim: Sciathán Thoir (críochnaithe cheana féin in 2020) agus sciathán Thiar (críoch tuartha deireadh 2023). Bhain sé an teastas 'BREEAM excellent' amach ón Building Research Establishment (BRE) le linn na céime dearaidh. Baintear leas san fhoirgneamh as suiteáil teicniúla úrscothacha chomhshaoil, bailiú báistí, fuinneamh geoiteirmeach agus grianfhuinneamh san áireamh.


Tá sé mar aidhm ag Parlaimint na hEorpa deimhniú LEED (Ceannaireacht i nDearadh Fuinnimh agus Comhshaoil) a fháil d’fhoirgneamh Chatham House i mBaile Átha Cliath. Tá an foirgneamh ainmnithe chun freastal ar ionad cuairteoirí Europa Experience agus ar Oifig Pharlaimint na hEorpa áitiúil. Mar chuid den deimhniú seo, ullmhaíodh staidéar ar an bhfoirgneamh.